|
|
|
Réamhrá
|
|
|
|
Más trí rainn do theastaigh uaibh, |
|
|
A chuideachta is cruaidhe fá bhur ndigh, |
|
Ag seo daoibhse fear a ráite |
|
|
Agus amhrán leis féin ina rith. |
|
|
|
Bhí dánta ar an fhoirmle Trí Rainn agus Amhrán (nó TRAA mar a bhéarfas sinne uirthi as seo amach) á gcumadh ón seachtú haois déag go dtí an naoú haois déag sa Ghaeilge, agus chruinníomar anseo an oiread acu arbh fhéidir linn teacht orthu ó na lámhscríbhinní.{1} Tá réimse mór téamaí sa chnuasach agus is léir nach bhfuil de cheangal idir na dánta uilig ach meadaracht agus áireamh na véarsaí. Is é an TRAA an t-aon fhoirmle filíochta sa Ghaeilge a chuireas teorainn le fad dáin ó thaobh líon na rann nó na véarsaí de.
|
|
|
{1} Tá dhá shampla ar eolas againn de dhánta TRAA scríofa ach nach féidir a léamh, ceann amháin acu i LS 96 lch. [186] (Ó Riain 1968: 61), agus an ceann eile i LS 125, fóilió 1r., é leagtha ar Philib Ministir Mac Brádaigh (de Brún agus Herbert 1986: 16). |
|
|
Nílimid cinnte an i 1724 a scríobhadh Más trí rainn do theastaigh uaibh (uimhir 38), a bhfuil an véarsa seo thuas mar thosach air, sa lámhscríbhinn is sine a bhfuil leagan den dán inti; ach is soiléir ón véarsa go raibh an fhoirmle TRAA gafa ag filí agus ag lucht léinn go luath san ochtú haois déag mar fhoirmle filíochta. Scríobh Tadhg Ó Neachtain ar an 21 Lúnasa 1726 gur chuir Pól Céitinn ‘chum Seáin Ua Baothain a-n-Áth Cliath dúan ionna raibhe trí rainn 7 abhrán’ (Ó Cléirigh 1939: 205). Is dócha go bhfuil fianaise ansin freisin, agus áireamh na véarsaí á lua, go raibh an fhoirmle TRAA ar intinn ag an Neachtanach mar chruth cinnte dáin cé go bhfaightear anois agus arís trácht sna lámhscríbhinní, agus sna dánta féin, ar áireamh na véarsaí i ndán, nuair is cinnte nach bhfuil foirmle i gceist (tá sampla luaite sna nótaí anseo ar uimhir 2 (sa bhocsa ‘foinsí’ atá le huimhir 2), i nduan dar tosach ‘Na chúig rainn déagso do Dhia’). Rinneadh cnuasach de na TRAA romhainne, nuair a scríobh Muiris Ó Gormáin ceithre cinn déag díobh i LS 30 i 1745; tá seacht gcinn déag aige i LS 54 (1775), agus tá cnuasaigh eile den sórt i LSS 60, 63 agus 69. Is léir, mar sin, gur mar chruth cinnte dáin a dearcadh ar an TRAA.
Tá tagairt do ‘trí rainn agus amhrán ceangail’ mar aonad filíochta i ndán atá i gcló againn sna nótaí d’uimhir 70; is trua nach bhfuilimid in ann dáta cruinn a chur leis an dán sin, cé gur dócha gur i ndiaidh 1760 a cumadh é. Is féidir fosta go bhfuil sampla beag diúltach i litríocht dheisceart Uladh mar bhreacfhianaise go raibh glactha leis an fhoirmle TRAA roimh 1700. I lár an scéil Mac na Míchomhairle, a cuireadh le chéile roimh 1700, tá dán ar an chruth ‘Trí Amhráin agus Rann’ (Watson 1979: 143). Saol bun os cionn atá sa scéal pleidhciúil seo, agus seans gur d’aon ghnó a thogh an t-údar an fhoirmle seo, ‘Trí Amhráin agus Rann’, mar scigleagan d’fhoirmle eile a bhí aitheanta san am an TRAA.
Ach tig an chéad fhianaise shoiléir i LS 52, a scríobhadh i 1773, ina bhfuil ‘Trí Rainn agus Amhrán’ scríofa mar theideal ar uimhir 35 anseo, Fáilte don Éan (agus cf. an teideal atá ar uimhir 61 sna nótaí).
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Tá sé i gceist i bhfoirmle an TRAA go mbeadh na chéad trí véarsaí (na Rainn) bunaithe ar rialacha na filíochta siollaí, córas meadarachta a mhair beo ó thús stair na filíochta scríofa in Éirinn go dtí an seachtú haois déag. I dtrátha 1200 AD rinne an lucht léinn teannadh mór ar rialacha na filíochta seo, agus cuireadh córas nua, an Dán Díreach, i bhfeidhm ina measc go dtí go ndeachaigh Scoileanna na filíochta i ndísc i ndiaidh 1600: faoin am sin tháinig córas eile i radharc, an amhránaíocht, nach bhfuil siollach, mar chomharba ar an fhilíocht shiollach.
Bhí an seanchóras siollach, a bhí ní ba scaoilte ná an Dán Díreach, i gcónaí ann (féach Éigse XII: 273290; cf. McManus 1994: 341342) agus tá filí na TRAA ag leanúint an traidisiúin sin sa chuid is mó. Ach le samplaí a thabhairt den fhilíocht shiollach is fearr dul i muinín an Dáin righin Dírigh, nó is ann a léirítear na rialacha ar an mhodh is údarásaí. Bhí meadarachtaí éagsúla den fhilíocht shiollach seo ann (Murphy 1961: 7483; Knott 1957: 1320), ach is iad Deibhí agus Rannaíocht Mhór an dá mheadaracht is coitianta atá mar bhun do na Rainn sa chnuasach seo. De na Rainn uilig atá sa chnuasach seo, níl ach an t-aon Rann amháin (uimhir 15, rann 3) a chloíonn go docht le rialacha an Dáin Dírigh, agus ina bhfuil an líon ceart de shiollaí sna línte agus an córas maisithe ríme ann ina iomláine ach is iasacht an véarsa sin as dán (deibhí) a bhaineas leis an tseanré fhilíochta:
|
|
|
|
Mairg do thréigfeadh Teach Neimhe
Ar ár mbeatha bhréige-ne:
|
|
Cá haird nach baoghal abhus?
An saoghal is mairg mheallas.
|
|
|
|
Seo breith O’Rahilly i 1913 (Gadelica I: 157) ar staid na filíochta siollaí seo san am a raibh an TRAA ag fás aníos:
|
|
|
|
….in the early 18th century. The counting of syllables is disregarded; the
end-rhyming is of the freest possible description; while such refinements
as uaim and amas are unknown. The degradation of the chief classic metre
[Deibhí] could hardly have been carried further. That even a learned and
well-read writer like Tadhg Ó Neachtain could write Deví in this fashion,
shows how unintelligible the syllabic metrical system had already become
two centuries ago.
|
|
|
|
Ní filíocht shiollach, mar sin, atá sna Rainn anseo, ach filíocht atá bunaithe ar an seanchóras siollach. I gcuid de na dánta (e.g. uimhreacha 2 agus 55) tá áireamh na siollaí measartha cruinn, le comhardadh réasúnta maith agus in amanna le huaim mhaith fosta; in uimhir 11 tá an comhardadh maith, agus in uimhreacha 11 agus 21 tá an uaim measartha maith (cf. Murphy 1961: 8590). Ach in ainneoin na n-eisceachtaí seo agus eisceachtaí eile, níl mórán den tseanornáid fágtha, cé gur minic (e.g. uimhreacha 16 agus 81) a bhíos aicill sa chéad leathrann de Rannaíocht, rud nach n-iarrtar sa Dán Díreach. Amas de ghnáth a bhíos sna Rainn anseo in ionad comhardaidh shláin. Agus i gcuid de na dánta is maille atá againn, saothar Airt Mhic Bhionaid go háirithe, tá na Rainn dulta chomh fada ón Rannaíocht atá, dar linne, ina bunmheadaracht dóibh agus gur réasúnta an mhaise don Dr Blankenhorn (2003: 311312) na ‘Rainn’ seo (in uimhreacha 7687, cuir i gcás) a fheiceáil mar véarsaí amhránaíochta.
Gheofar liosta de na meadarachtaí siollacha faoi Meadaracht.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Bhain an fhilíocht shiollach leis an lucht léinn, agus roimh an séú haois déag ní fios dúinn cad é an sórt ceoil nó filíochta a chleacht an gnáthphobal. Ach tá filíocht eile againn ón séú haois déag anonn nach bhfuil siollach, agus is léir gur cóngaraí an fhilíocht seo, an amhránaíocht, ná filíocht na scol do bheatha an ghnáthphobail. Amhrán a thugtaí ar véarsa nó ar ghrúpa véarsaí den fhilíocht neamhshiollach seo, agus is dócha go gcuirtí ceol leis nach gcuirtí leis an Dán Díreach. San Amhrán tá tábhacht ag baint le rialtacht agus le huimhir na mbéimeanna, agus ní le háireamh na siollaí mar a bhí sa Dán Díreach. An tAmhrán a bhíos sa TRAA, díreach mar atá i ngach amhrán eile, bíonn pointí meadarachta ag baint leis mar bharr ar áireamh na mbéimeanna. Tá ceithre líne i ngach Amhrán in uimhreacha 198 agus 103 den chnuasach seo, ocht líne in uimhreacha 99102. Rinne an Dr Blankenhorn anailís ar fhoirmeacha éagsúla na hamhránaíochta Éireannaí ina leabhar tábhachtach úr, Irish Song-craft (Blankenhorn 2003), agus rinne sí mionanailís dúinne ar na hAmhráin s’againne a bhí ina chuidiú mór dúinn. Gheofar an toradh faoi Meadaracht.
Is cosúil gur i dtrátha 1600 a thosaigh lucht cumtha na filíochta siollaí ar véarsa amháin d’amhrán den sórt seo a chur isteach mar chlabhsúr ar dhán. Leanadh den ghnás sin agus méadaíodh air ar feadh corradh is céad bliain, agus an fhilíocht shiollach ag dul i laige, go dtí sa deireadh gur éirigh sé ina nós seasta, mar is léir ó nóta i lámhscríbhinn a scríobhadh sa seachtú haois déag (BL Harley 1921: 1): ‘ní maith sagart gan chléireach nó dán gan amhrán’ (Flower 1926: 13). Is féidir ‘nRAA’ a thabhairt mar fhoirmle ar dhán dá leithéid: ba chuma cé mhéad rann den fhilíocht shiollach a bheadh ann, bheadh ar a laghad véarsa amháin (agus in amanna níos mó) d’amhrán ina dheireadh. Tá a leithéid ag Muiris mac Dáibhí Dhuibh go luath sa seachtú haois déag (Williams 1979: 3338), agus is sampla eile an dán Beir mo beanocht go Dún Dalck a cumadh c.1607/08 (Seanchas Ard Mhacha V: 283). Ar ndóigh, is maille na lámhscríbhinní as a dtáinig na dánta seo ná na dánta féin, agus is féidir a bheith in amhras faoi dháta chomh luath le c.1600 a chur leis an nRAA. Ach scríobhadh síos i lámhscríbhinn (RIA Catalogue: 18) i 1655 Fuar liom an oíche-se d’Aodh le hEochaidh Ó hEoghasa ina 19RAA. Caithfear, mar sin, glacadh leis go raibh an nRAA ann mar chruth dháin faoi 1655, agus níl amhras dáiríre ann go rabhthas ag cur amhráin i ndeireadh dánta mar seo go gairid i ndiaidh 1600, nó roimhe sin féin.
Sin foinse amháin, mar sin, don TRAA: leagan áirithe den nRAA, cosúil le 2RAA agus 19RAA agus 84RAA. Ach tugadh áit speisialta don TRAA (3RAA) nár tugadh do na cinn eile, agus caithfear anois fáth dó sin a chuartú.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
‘[TRAA] to some extent supplies the lack of the sonnet form in Irish metrics’ a dúirt Robin Flower (Flower 1926: 50), agus cé nach as múnla an tsoinéid amháin a d’eascair foirmle an TRAA, is cosúil go raibh tionchar éigin ón iasacht ar nós ceaptha na ndánta seo.
Dán ina bhfuil 14 línte is ea an soinéad, foirmle a d’éirigh san Iodáilis sa tríú haois déag agus ina diaidh, agus í bunaithe ar áireamh na línte, ar scéimeanna áirithe ríme i ndeireadh na línte, agus ar volta, nó casadh, i ndiaidh an ochtú líne le hathrú nó athbhreithniú a thabhairt ar smaoineamh nó ar mhothú an dáin. I dtromlach na soinéad Iodálach, dhéanadh scéim na ríme dhá cheathrú den chéad chuid (an t-ochtréad) agus dhá thrírín (an seisréad) den dara cuid, i ndiaidh an volta, agus fágann an briseadh seo ‘that the sonnet closes at eight lines and again at [fourteen]’ (Spiller 1992: 11). Mar sin bhíodh cineál de ‘dhúnadh’ inmheánach sa dán, a chuirfeadh gnáthdhúnadh na filíochta siollaí i gcuimhne d’fhilí na Gaeilge agus fiú amháin an dúnadh neamhuilíoch a léirítear in amanna.
Is é an mórfhile Francesco Petrarca (13041374) an duine is clúití i gcur chun cinn foirmle an tsoinéid mar mhúnla litríochta, ‘the single greatest inspiration for the love-poetry of Renaissance Europe well into the seventeenth century’ (Spiller 1992: 45), agus rinneadh aithris air i gcuid mhaith de thíortha na hEorpa, go háirithe sa séú haois déag. Feicfear samplaí maithe Fraincise in Ó Doibhlin 1994: 3644, 4858. Tugadh an soinéad isteach sa Bhéarla timpeall ar 1530, go mórmhór trí fhilíocht Sir Thomas Wyatt (c.15021542) agus Henry Howard, Iarla Surrey (15171547).
Is é an rud is suntasaí faoi shoinéad an Bhéarla nár glacadh leis an chruth ríme a bhí ag Petrarca agus ag na Francaigh, ochtréad agus seisréad. Bhí cruthanna eile á gcumadh anois agus arís san Iodáil, agus is dócha gur astu sin a fuair Wyatt an nuachruth ar ar chum sé dornán beag de shoinéid, trí cheathrúin agus leathrann. Bhain Iarla Surrey níos mó feidhme as an chóras ríme seo ná mar a bhain Wyatt, agus is dócha gurbh é a thioncharsan a d’fhág an múnla úr seo, soinéad an Bhéarla, chomh coitianta sin i measc a chomhaoistí agus i measc na mórfhilí in aimsir Eilíse. Is dócha go raibh páirt fosta ag meadarachtaí traidisiúnta an Bhéarla i gcruthú an tsoinéid úir seo. Cé go raibh sé ar intinn ag Wyatt agus Iarla Surrey foirmle úr a thabhairt isteach ón iasacht, chuir siad athrú crutha air a d’fhóirfeadh do ghnás na meadarachta sa Bhéarla: ‘Wyatt … found it hard to think in line-groups of three … which … stresses the probability of his regarding at least this form of the sonnet sestet as a quatrain plus a couplet’ (Bullock 1923: 736).
Ós rud é gur fhás múnla an tsoinéid as litríocht na hIodáilise, ní cúis ionaidh gur leanadh Petrarca go dlúth maidir leis na téamaí de, sna chéadshoinéid seo sa Bhéarla. Ba é an grá an téama a bhí ag Petrarca, agus chuir sé lámhscríbhinn le chéile c.1350 ina raibh sraith de shoinéid a bhain leis an ghrá. Lean filí an Bhéarla é, ag cumadh sraitheanna dánta arbh é an grá, agus go háirithe an grá éagmaise, ábhar agus fáth a gcumtha. Ach de réir mar a leathnaigh cleachtadh an tsoinéid, is amhlaidh a thosaigh filí ag plé ábhair eile seachas an téama sin, go dtí sa deireadh go ndearnadh modh den soinéad chun ábhar ar bith a phlé, agus meastar gur cumadh níos mó ná dhá chéad míle soinéad i mórtheangacha na hEorpa idir 1530 agus 1650.
Ach d’éirigh claonadh i measc na bhfilí faoi lár na seachtú haoise déag in éadan dearcadh Petrarca ar an saol, agus in éadan an tsoinéid féin mar fhoirmle filíochta, agus tháinig meath air mar chruth dáin sna mórtheangacha seo. Mar a deir Spiller (1992: 83), ‘[i]n Britain, these two dates delimit the age of the sonnet, … [with] very few after 1650, until the sonnet revives in the nineteenth century.’
Is minic a tugadh faoi deara an chosúlacht idir an soinéad agus an TRAA: go bhfuil teorainn righin le fad an dáin, rud nach bhfaightear in áit ar bith eile sa Ghaeilge, agus go bhfuil volta, i scéim na meadarachta ar a laghad, san TRAA idir an tríú Rann agus an tAmhrán. Cé nach féidir a bheith lándearfa faoi ionchollú genre ar bith litríochta, d’fhéadfaimis a shamhlú go bhfuair file Gaelach bunchleachtadh le léann an Bhéarla sa seachtú haois déag, gur thaitin an soinéad leis agus go ndearna sé TRAA le go mbeadh dán sa Ghaeilge a bheadh inchurtha leis an soinéad, agus teorainn áirithe lena fhad; ansin go ndearna filí eile aithris air seo. Ach ba dhoiligh cruthú ar bith a fháil ar smid de sin.
Ní féidir linn a rá, dáiríre, ach go bhfuil againn sa TRAA dán a bhfuil teorainn lena fhad (16 líne) a d’éirigh, is cosúil, sa seachtú haois déag, agus go raibh dán a raibh teorainn lena fhad (14 líne) á chumadh sa Bhéarla roimhe sin (agus ina dhiaidh, ar ndóigh). Le ceangal ní ba dhlúithe a tharraingt idir an dá chineál filíochta ba ghá freagra a fháil ar roinnt ceisteanna, e.g. cad chuige nach bhfuil TRAA againn níos luaithe ná c.1675, nuair a bhí soinéid ann sa Bhéarla ó c.1530? Nó is cinnte go raibh eolas ag aos dána na hÉireann ar litríocht an Bhéarla faoi dheireadh na séú haoise déag; go fiú go bhfuil sampla amháin againn, sa dán A mhac-alla dheas le Cearbhall Ó Dálaigh (Ó Rathile 1926: 26), d’athchóiriú a rinneadh ar shoinéad de chuid an Bhéarla (féach Éigse XIX: 111117), athchóiriú ina bhfuil 12 rann. Cé gur ar leathrann a chríochnaigh soinéad an Bhéarla, is féidir go raibh bua an rainn 4-líne préamhaithe chomh láidir i stair mheadaracht na Gaeilge is nach dtiocfadh leis na filí nós na gceathrúna a bhriseadh, fiú amháin agus nós na n-amhrán ag leathadh, agus gur tugadh faoi TRAA mar chur-chuige idirmheánach. Chomh maith leis seo, dála chuid filí an Bhéarla agus na Mór-Roinne, d’athraigh na Gaeil an soinéad ó thaobh ábhair de nuair a ghlac siad leis agus leathnaíodar na téamaí sa dóigh inarbh fhéidir ábhair eile seachas an grá a phlé.
Ach más inghlactha an stair shimplí sin, tá ceisteanna deacra eile ann fós gan freagairt. Bhí soinéad an Bhéarla faoi lánseol anuas go dtí c.1650, nuair a tháinig an meath, agus go bhfios dúinn ní dhearnadh aithris air (ach breacaithris Chearbhaill Uí Dhálaigh amháin) sa Ghaeilge idir 1550 agus 1650. Agus nuair ab ísle brí don soinéad sa Bhéarla, ó 1650 go 1750, is ansin a tosaíodh ar an TRAA a chleachtadh go measartha forleathan sa Ghaeilge. Seans gurbh é gnáthchoimeádachas na coilíneachta a ba chúis leis seo, agus anáil sheachtrach á scaipeadh go malltriallach, ach caithfear a chuimhniú chomh maith gurbh í an seachtú haois déag an aois ba chorraithe i stair na Gaeilge ó thaobh tionchar na n-allúrach de. Ina leithéid sin de thréimhse, caolú ag teacht ar chultúr dúchasach na tíre agus Éire breac le máirseáil agus frithmháirseáil na n-arm, b’fhéidir nárbh iontas gur ghlac na filí Gaelacha le cineál nua filíochta a bhí bunaithe ar sheanchineál de chuid fhilí an Bhéarla.
Ach níl aon chinnteacht i gceist. B’fhéidir gur i bhfad roimh 1680, nuair a rinneadh an chéad TRAA atá againn, nó i bhfad roimh 1600 féin, a cumadh an chéad TRAA riamh, ar mhúnla an tsoinéid (i dtaca leis an mholadh seo féach Blankenhorn 2003: 308). Agus arís is féidir nach ar an soinéad a bunaíodh an TRAA ar chor ar bith, ach ar fhoirm eile filíochta atá níos cosúla leis an TRAA ar dhóigheanna. Tá cuntas ag Blankenhorn (2003: 302304) ar ballade na Fraincise agus an Bhéarla, foirm ina bhfuil trí véarsaí de shórt amháin agus véarsa amháin eile, ar a raibh envoy, ina dheireadh: ach baineann an ballade leis an cheathrú agus an chúigiú haois déag, i bhfad ró-luath, dar linne, mar fhoinse d’fhoirm nach bhfuil againn le cinnteacht roimh c.1675.
Is fearr linne glacadh leis, ach arís gan cinnteacht ar bith, gur eascair an TRAA as soinéad an Bhéarla, agus as nRAA na Gaeilge.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Is soiléir ó na dánta anseo a éagsúla is atá téamaí na TRAA, cé nach de réir téamaí a leagamar amach san eagrán seo iad, ach ar bhunús atá go príomha stairiúil de réir ord a scríofa sna lámhscríbhinní, agus faoi seo arís bunaithe ar thíreolas agus ar log a gcumtha, sé sin an Cúige inar ceapadh iad. Nuair a d’fhoilsíomar an chéad leagan den chnuasach seo (Ó Baoill agus Ó Dochartaigh 1996), is in éagmais na nótaí agus an chúlra staire a bhí siúd, agus níor tháinig amach ach dromchla an ábhair, a dtugamar Cnuasach Filíochta (CF) mar fhotheideal air. Caithfimid iarracht a dhéanamh anois ar stair a bheadh níos measta a thabhairt ar an ábhar féin agus ar a chúlra.
Tá an Grá tábhachtach, mar a bhí i saol na soinéad, ach ní hé an téama is coitianta. Tá ‘Dánta Grádha’ anseo a bhfuil leaganacha díobh i gcló in Ó Rathile 1926, bailiúchán de dhánta a bhaineann le tréimhse 400 bliain i stair litríochta na Gaeilge, cuid acu ar na TRAA is sine dá bhfuil sa chnuasach seo (e.g. uimhreacha 1, 5, 91). I ndiaidh 1700 is mó an líon dánta atá ag Moladh, agus feicimid trí chineál ansin: moladh na n-uasal, moladh na cléire agus moladh an lucht léinn. Tá grúpa toirteach ag plé leis an Chreideamh, ach baineann aon dán déag díobh sin (uimhreacha 2434) leis an aon sraith amháin. Tá tábhacht leis an Aoir, ach tabharfar faoi deara gurbh é Art Mac Bionaid (17931879), file deireanach an TRAA, a chum a leathchuid (uimhreacha 76, 78, 80, 81, 83, 84, 86, 87): is léir gur dhuine glámhach eisean, ar mhór leis cuspóir aortha, duine achrannach arbh fhuras dó éirí múisiamach agus a racht a ligean i bhfilíocht. Eisean an file dúchasach deireanach a chleacht foirmle an TRAA, agus tá roinnt dánta aige a dtugann sé ‘Trí rainn agus amhrán’ mar theideal orthu sna LSS, ach nach bhfuil iontu ach ceithre véarsa d’amhránaíocht nós a thaispeánann chomh tábhachtach agus a bhí an fhoirmle éirithe i ndeireadh a ré in Oirdheisceart Chúige Uladh.
Is iontach, b’fhéidir, agus an oiread Moladh atá ann, nach bhfuil ach an dá Chaoineadh sa chnuasach (uimhreacha 7 agus 21). Tá dánta ann nár fhéadamar a chur faoi théama cinnte ar bith: dhá cheann a bhfuil scéalaíocht taobh thiar díobh (uimhreacha 65 agus 70); dhá chineál tomhais (uimhreacha 67 agus 74); dán atá bunaithe ar ilchiallanna focal (uimhir 49) agus ceithir cinn (uimhreacha 15, 53, 59 agus 100) a dtig linn ‘meascra’ a thabhairt orthu, ráitis nó véarsaí gan ceangal céille eatarthu (cf. Harrison 1979: 33). Tá uimhreacha 99102 ina ngrúpa faoi leith de bharr na meadarachta, ocht línte acu sna hAmhráin (in ionad ceathrú sna dánta eile).
Is é uimhir 103 an t-aon sampla le file dúchasach den fhoirmle i nGaeilge na hAlban, cé gur chuir an mórfhile Deòrsa mac Iain Dheòrsa (19151984) spéis sa TRAA, mar dhúil san ársaíocht, nó bhí dea-eolas aigesean ar stair litríocht na hEorpa. Chuir sé trí cinn i gcló tar éis 1939 (Byrne 2000, uimhreacha 55, 87 agus 322), agus chum sé go fiú dán i bhFraincis ar fhoirmle an TRAA a dtug sé mar theideal air ‘trois vers et envoi’ (ibid., uimhir 91).
Cumadh corrshampla eile de TRAA san fhichiú haois mar aithris ar an seansaol, agus b’fhéidir le dúil san ársaíocht, ach níor chuireamar isteach sa chnuasach iad.
|
|
|
Stair na TRAA sna Lámhscríbhinní
|
|
|
|
|
|
An chuid is mó de na dánta atá anseo, thig linn glacadh leis gur mar TRAA a cumadh iad. Uaireanta tá an tAmhrán ceangailte leis na Trí Rainn tríd an fhocal, nó na focail, c(h)éanna a bheith i dtosach nó i ndeireadh an Amhráin agus i dtosach nó i ndeireadh na Rann, nó uaireanta i líne eile sa tríú Rann (e.g. uimhreacha 5, 47, 91). Ach caithfear cuimhniú go mbíonn éifeacht ag scríobhaithe na lámhscríbhinní ar chuma na ndánta a thig anuas chugainn, ar líon na rann agus ar rogha na bhfocal. Is fíorannamh is féidir a bheith cinnte go bhfuil dán againn díreach mar a cheap an file i dtosach é; aithnítear anois gur iondúil don fhile a bheith ag cur le haiste dáin, nó ag baint de, agus an saothar á chumadh thar thréimhse ama aige.
De ghnáth, nuair a bhí dhá théacs, nó níos mó, de dhán againn, bhunaíomar téacs an chnuasaigh seo ar an leagan sa lámhscríbhinn a ba shine, ach i roinnt chás ina rabhamar cinnte go raibh lámhscríbhinn de holagraf an fhile féin againn (i gcás Sheáin Uí Neachtain, Pádraig Ó Pronntaigh, Muiris Ó Gormáin agus Art Mac Bionaid), thoghamar an leagan a ba mhoille ag ligean don fhile leasuithe a dhéanamh ar a shaothar féin (cf. ‘Modh Eagarthóireachta’ thíos).
Ach go hiondúil is i muinín na scríobhaithe a bhíomar le haghaidh na leaganacha. Feictear dúinn gur éirigh an fhoirmle seo chomh bisiúil sin i gCúige Uladh, go háirithe sa dara leath den ochtú haois déag, agus gur imir sí tionchar faoi leith ar scríobhaithe na lámhscríbhinní, iad uilig liteartha agus ar maos i stair agus i gcleachtadh na litríochta áitiúla ar leithligh. Filí, nó ábhar filí, a bhí i gcuid de na scríobhaithe, agus d’fhéachadh siad in amanna le TRAA a chur le chéile as trí rainn de sheandán siollach le véarsa breise d’Amhrán a chur leo (e.g. uimhreacha 11, 15 agus 89). Mar atá a fhios againn go maith, is é ‘gan ainm’ an sloinneadh is iomadúla i litríocht na Gaeilge, agus ní taise do na scríobhaithe é munar chuir siad a n-ainmneacha féin síos mar údar do véarsaí breise mar seo, cleachtas a fhágann srian eile orainn i láimhseáil an ábhair.
Tá 19 de dhánta sa chnuasach seo nach mar TRAA a cumadh iad i dtosach, nó ar féidir amhras a bheith orainn gur mar TRAA a cumadh iad:
|
|
|
|
cumadh é seo mar 4RAA agus baineadh Rann as. |
|
|
|
Trí Rainn bunaithe ar sheanDán Díreach, agus Amhrán nach mbaineann ó thosach ná ó cheart leo. (Sin mar atá, cinnte, le huimhir 89, cé nach bhfuilimid chomh cinnte maidir le huimhir 11.) |
|
|
|
níl ach na Trí Rainn sna leaganacha is luaithe, na dánta iomlán iontu féin gan Amhrán, agus dúnadh ar na Rainn (i.e. an focal céanna, nó cuid de, mar dheireadh ar an dán agus mar thosach air, féach Murphy 1961: 43). Baineann an scéal céanna, beagnach, le huimhir 91, mar a bhfuil an focal croí ag ceangal an Amhráin leis na Rainn. |
|
|
|
tá na Rainn iomlán mar dhán, agus dúnadh air, gan an tAmhrán. |
|
|
|
scríobhadh é seo ar dtús mar 2RAA agus cuireadh Rann de bhreis leis. |
|
|
|
ba leor na Trí Rainn mar dhán gan an tAmhrán, agus faightear an tAmhrán ina aonar uaireanta sna lámhscríbhinní. |
|
|
|
is cosúil nach mbaineann an tAmhrán ó thús leis na Rainn. |
|
|
|
is gnách leaganacha is faide ná TRAA ar na dánta seo sna lámhscríbhinní, gan foirm TRAA ach ar an mhionlach. |
|
|
|
nílimid cinnte an raibh sé ar intinn ag an scríobhaí TRAA a scríobh ar chor ar bith agus nach de thaisme a tharla cuma TRAA air sa lámhscríbhinn. Bhí cás amháin eile ann nár ghlacamar le ceithre véarsaí a raibh cuma TRAA orthu (i LS 146, lch 467a): ghlacamar leis go raibh na véarsaí neamhspleách ar a chéile, nach mar dhán iomlán amháin a scríobhadh iad. |
|
|
|
i dtaobh iomláine brí, níl feidhm ag na Trí Rainn ná ag an Amhrán ar a chéile; faightear iad in éagmais a chéile i gcuid de na lámhscríbhinní. |
|
|
|
is féidir nach mbeadh TRAA anseo ach gur gearradh as an aon lámhscríbhinn leathanach ar a raibh an chéad chuid de dhán fhada. Ach ina dhiaidh sin is uilig, tá cuma an-mhaith air mar dhán iomlán, agus tá TRAA eile sa lámhscríbhinn chéanna. |
|
|
|
‘meascraí’. Níl baint dá laghad ag na véarsaí le chéile, agus níl dáiríre ach an t-aon leagan de dhán ar bith acu seo againn sna foinsí. |
|
|
|
rinne scríobhaí amháin TRAA agus é ag déanamh cóipe as lámhscríbhinn(í) eile ina raibh na ceithre véarsaí neamhspleách ar a chéile.
|
|
|
|
Mar is léir as seo, in amanna ní bhíonn aon bhaint idir an tAmhrán agus na Trí Rainn. Sa chuid is mó de na dánta, freisin, ní bhíonn scoilt thábhachtach chéille nó dearcaidh, volta, i ndiaidh na dTrí Rainn; ach tá samplaí ann (e.g. uimhreacha 66, 74) ina bhfuil dhá dhearcadh éagsúla ar an aon ábhar le feiceáil sa dá chuid, na Trí Rainn agus an tAmhrán. Uaireanta eile (e.g. uimhreacha 6, 22) bíonn an t-aon smaoineamh ag leanúint tríd síos ó na Rainn isteach san Amhrán, agus ansin tig an t-athrú go measartha tobann sa leathrann deiridh nó sa líne dheiridh. In uimhreacha 54 agus 62 is coimriú é an tAmhrán ar a bhfuil ráite sna Rainn. Ach braitheann sé de ghnáth ar thuigbheáil an léitheora, an raibh coimriú ar intinn an fhile, nó an bhfuil volta le haithint sa dán.
Tá dánta ann nach bhfuil ceangal brí ar bith iontu, go bhfios dúinne, idir na Rainn agus an tAmhrán sin mar bharr ar a bhfuil ráite againn thuas faoi dhánta nach mar TRAA a cumadh iad. I gcás uimhreacha 10, 14, 32, 87 agus 102 glacaimid leis gur mar TRAA a cumadh iad, ach caithfear a shamhlú gur in intinn an fhile féin amháin atá an ceangal idir na Rainn agus an tAmhrán.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
De na hocht gcinn de TRAA atá againn a cumadh, cinnte, roimh 1700 na dánta is luaithe dá bhfuil againn is beag nach cinnte gur i gCúige Mumhan a cumadh seacht gcinn, uimhreacha 17. Cumadh uimhir 7 i 1694, agus tá na sé cinn eile (nach féidir dáta cruinn a chur leo) le fáil i lámhscríbhinní a scríobhadh i 1688 nó roimhe. Faightear uimhir 6 arís i lámhscríbhinní is moille ná sin, ach níl ach an t-aon leagan amháin de gach ceann eile (uimhreacha 15, 7) againn. Ní fhacamar aon TRAA Muimhneach eile, mura dtáinig uimhir 67 as Cúige Mumhan, agus mura gcuirtear uimhir 103 san áireamh (ceann a scríobhadh in 1818 i nGaeilge na hAlban i gCo. Chorcaí). Níl ach an t-aon leid amháin eile againn gur cumadh TRAA i gCúige Mumhan i ndiaidh 1700 (féach nótaí ar uimhir 23). As Cúige Mumhan, mar sin, a tháinig na TRAA is luaithe dá maireann againn, ach ceann amháin (uimhir 91) as ocht gcinn. Idir 1675 agus 1695, is dócha, a cumadh iad agus níl ceann ar bith againn (ach uimhir 103) a cumadh gan amhras i gCúige Mumhan i ndiaidh 1700. Ón fhianaise sin is dóigh linn gur féidir a rá go raibh an TRAA ann mar chruth cinnte dáin ó c.1675 nó roimhe, gur i gCúige Mumhan a céadsaolaíodh é agus gur imigh sé as an fhaisean ansin roimh 1700.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Ceann de na lámhscríbhinní Muimhneacha a bhfuil TRAA iontu (LS 5), is i mBaile Átha Cliath a scríobhadh í i 1688. Cé gur sloinneadh Muimhneach atá ar an scríobhaí (Uilliam Ua Duinnín), ó tharla i mBaile Átha Cliath ag obair é is cinnte gur bhain sé le lucht léinn na Gaeilge sa chathair, dream a raibh tarraingt na cathrach ina lóchrann solais dóibh fós, mar bhí airgead le gnóthú as timpeallacht na teanga ansin. Bhí an Duinníneach ag ullmhú LS 5 do Thoirdhealbhach Ó Domhnaill, agus lámh aige chomh maith in athscríobh Sean-Tiomna Bedell c.1682 san lámhscríbhinn chéanna (lch 375). Baile ardléannta a bhí sa chathair i dtús na hochtú haoise déag, agus níor dhoiligh a shamhlú go bhfaigheadh file agus scríobhaí ansin eolas ar litríocht an Bhéarla, chomh maith le cleachtú breise ar litríocht na Gaeilge.
Ar na daoine ba mhó clú i measc lucht léinn na cathrach bhí Seán Ó Neachtain (c.16401729), a chum uimhreacha 16, 19, 20, 21 agus (is dócha) 17 agus 18. ‘Cé gur ó Ros Comáin (dó) … is i mBaile Átha Cliath a bhí sé féin … lonnaithe … agus is é … a bhí mar cheann comhairle ar ghrúpa scoláirí Gaeilge a bhí ina theannta sa cheannchathair’ (Ó Buachalla 1996: 268269). Bhí mórán cairde aige féin i measc lucht léinn na cathrach agus na tíre máguaird, agus chum beirt díobh siúd uimhreacha 22 agus 23 anseo. Ar cheap an Neachtanach nós an TRAA as an nua de thairbhe a chomhluadair le lucht Béarla i mBaile Átha Cliath bhí Béarla maith aige agus chum sé dán Béarla nár shoinéad é (ibid.: 270)? Ní dóigh linn é. Is cinnte gur theagmhaigh Ó Neachtain le TRAA na Mumhan, nó is i lámhscríbhinn a rinne a mhac, Tadhg, idir 1725 agus 1729 a fhaighimid an chéad tagairt fhoirmeálta d’fhoirmle an TRAA, mar a luamar thuas. Is féidir go raibh Seán ina chónaí i mBaile Átha Cliath i 1688 nuair a scríobhadh LS 5 ann (Risk 1975: 52, 55), agus uimhreacha 5 agus 6 inti. I 1726 chum cara leis sa chathair dán mar fhreagra ar TRAA (de réir na lámhscríbhinne: níl cóip den TRAA féin againn) a cuireadh chuige as Port Láirge (Ó Cléirigh 1939: 205; féach nótaí anseo ar uimhir 23). Duine sároilte i litríocht na Gaeilge ab ea an Neachtanach, agus tá sampla amháin uaidh le léamh againn de ‘d(h)án an-neamhchoitianta … ó thaobh foirme de, toisc an-mheascán meadarachta a bheith ann, idir véarsaíocht uamach, véarsaíocht shiollach, is véarsaíocht aiceanta’ (Ó Buachalla 1996: 270). Is cosúil go raibh sé ag cothú ‘cúirt fhilíochta’ i measc a chairde agus go raibh sé sásta aistí úra filíochta a mheas agus a chleachtadh, agus caithfimid é a aithint, ar a laghad, ina cheannródaí i leathnú na TRAA sa tír, agus i mbrú chun cinn na foirmle.
Ach ós rud é nach féidir aon chinnteacht a bheith againn faoi seo, an ndearna Ó Neachtain TRAA as an nua (ar mhúnla an tsoinéid nó ar mhúnla éigin eile) nó an raibh sé ag déanamh aithrise ar fhoirmle as Cúige Mumhan, is fearr linn an bealach siar a thabhairt orainn sa tóir ar an TRAA i dtír dhúchais an Neachtanaigh.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Dá ndéanfaí léarscáil de na háiteanna inar cumadh TRAA nó atá luaite iontu i ndiaidh 1700, bheadh cearnóg scaoilte ann: líne ó Bhaile Átha Cliath siar go Baile Átha Luain; líne as sin go Béal Átha an Fheadha agus ansin go hEas Ruaidh i mbun Éirne; líne aniar ansin go hIúr Chinn Trá, a d’fhágfadh Fear Manach, deisceart Cho. Mhuineacháin agus deisceart Ard Mhacha istigh sa ‘chearnóg’, ina mbeadh freisin Co. Ros Comáin, Co. Shligigh, Co. Liatroma, Co. an Chabháin, Co. Lú, Co. na Mí, an Iarmhí agus Longfort. Tá cuid mhaith de Pháil an Bhéarla sa léarscáil sin, ach ceantar mór tábhachtach i litríocht na Gaeilge a bhí sa ‘chearnóg’ sin san am úd (Flower 1926: 49; Studia Hibernica I: 137). Ar ndóigh, ní bheadh Cúige Mumhan ar an léarscáil ach, mar a chonaiceamar, is beag an bhaint a bhí ag an chúige sin leis an TRAA i ndiaidh 1700. Agus tá dánta eile fós againn (e.g. 88, 90, 92, 93) a bhaineann le háiteanna atá i bhfad amach ón ‘chearnóg’.
I gCo. Ros Comáin, taobh istigh den limistéar seo, a rugadh Seán Ó Neachtain i dtrátha 1640, agus is féidir gur i nGaillimh a d’fhoghlaim sé a chuid Béarla (Risk 1975: 53). Is léir go raibh sé sárléannta sa Ghaeilge, cé nár mhór clú na Neachtanach leis an léann roimhe. Ach nuair a bhí seisean ag cumadh TRAA i mBaile Átha Cliath i ndiaidh 1700, bhí dánta ar an fhoirmle chéanna á gcumadh (uimhreacha 9, 99 agus b’fhéidir 13) a bhaineann le Clann Uí Rodaí, fine i gCo. Liatroma a raibh seancheangal acu leis an léann agus leis an eaglais. Tá ceangal, más caol féin é, idir Chlann Uí Rodaí agus Baile Átha Cliath: sin Maurice Newby, scríobhaí a bhí ag obair de ghnáth sa cheannchathair, a scríobh LS 12 i 17141715, lámhscríbhinn arbh fhéidir Duanaire Chlann Uí Rodaí a thabhairt uirthi.
Mhair tábhacht Chonnacht i dtaobh an TRAA go dtí c.1775, nuair a scríobhadh LS 55, a bhfuil trí cinn de TRAA inti, le Brian Ó Fearghail, file agus géag d’fhine léannta eile. Is dócha gurbh é Brian é féin a rinne uimhreacha 14 agus 15 as véarsaí a thóg sé as lámhscríbhinní eile, agus feictear dúinne gur comhartha é seo go raibh tionchar na foirmle ag dul i léig anois i measc aos dána Chonnacht, cé go raibh samplaí de TRAA á scríobh i lámhscríbhinní i gCo. Liatroma go dtí 1842 (LS 133). Ní féidir, ar ndóigh, a bheith cinnte cén uair a dtáinig deireadh lena gcumadh in áit ar bith, ach is cosúil gur mheath ar thábhacht na foirmle i measc filí Chonnacht i ndiaidh c.1775.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Bhí deireadh leis an TRAA Muimhneach roimh 1700, gairid go leor i ndiaidh a bhreithe; bhí deireadh leis i mBaile Átha Cliath c.1730, gairid i ndiaidh bás Sheáin Uí Neachtain; tháinig meath air i gConnachta i ndiaidh c.1775, agus is féidir gur thosaigh sé a dhul i laige i gCúige Uladh freisin roimh dheireadh na hochtú haoise déag, mar a tchífear. Ach scríobhadh uimhir 91 i LS 6 i bhFear Manach roimh 1690, agus tá seans ann go mbaineann uimhir 91 leis an traidisiún léinn chéanna a thug samplaí dúinn as Liatroim agus Ros Comáin agus Baile Átha Cliath. Ach tá an oiread bearnaí i stair agus i gcrostoirchiú na lámhscríbhinní is gur do-dhéanta anois dúinn coibhneas cinnte a dhearbhú.
Tugtar go minic an t-ainm ‘Deisceart Uladh’, ní amháin ar dheisceart Uladh na tíreolaíochta, ach ar Cho. Lú agus thuaisceart na Mí leis. Is féidir glacadh leis an limistéar sin (nach bhfuil a theorainn theas i bhfad as Baile Átha Cliath) mar aonad i stair fhoirmle an TRAA, cé nach bhfuil ann dáiríre ach cuid den ‘chearnóg’ mhór atá luaite againn thuas (cf. Watson 1979: 13).
Scríobh Peadar Ó Gealacáin i ndiaidh 1840 gur chum Séamas Dall Mac Cuarta (Lúach nó Míoch) uimhir 35 i 1707: is dócha nach mór an bunús atá leis an dáta áirithe sin, ach scríobhadh an dán sin i LS 11 roimh 1716. Is fiú a lua gurbh é Risteárd Tuibéar a scríobh LS 11 i gCo. Bhaile Átha Cliath, agus an dán sin inti, agus go raibh aithne ag Risteárd ar Sheán Ó Neachtain (Risk 1975: 58) agus ar an Dall Mac Cuarta (féach nótaí ar uimhir 36). Seans, mar sin (ach níl i gceist ach seans), go bhfuair an Dall eolas ar an TRAA ó cheantar Bhaile Átha Cliath agus chairde an Neachtanaigh; agus, cionnas gurbh é an Dall an file ba mhó clú in Oirialla, gur scaoil an TRAA uaidh ar feadh litríocht Dheisceart Uladh.
Tá 16 (nó bheadh 14 ní ba inchreidte) de TRAA againn ón Dall Mac Cuarta, aon cheann déag díobh sin (uimhreacha 2434) ina sraith amháin dar teideal, uaireanta, Na Féilte Muire. Sin an t-aon sraith atá againn. Feictear dúinne go raibh dlúthbhaint ag Séamas Dall Mac Cuarta le buanú foirmle an TRAA in Oirialla, agus gurb í an tsraith seo de dhánta a ba phríomhchúis leis sin. Tá dán fada suimiúil eile aige a dtugtar An Dán Breac air, agus tá cur síos ag Ó Muirgheasa (1936: 201; cf. Ní Uallacháin 2003: 343) ar scéal a d’inis faisnéiseoir dó faoina chumadh:
|
|
|
|
Dubhairt sagart éi’nteacht leis [an fhile] i ndeireadh a laethe gur phronn Dia buaidh na filidheachta air, agus gur dona an fhéidhm a bhain sé as, mar nach ndeárn sé dán maith diadha ariamh. Thug an Dall isteach don tsagart … agus thosuigh sé agus chum an dán seo.
|
|
|
|
Is dán cliste é An Dán Breac ó thaobh na meadarachta de, ina bhfuil achan darna véarsa ina rann agus ina véarsa d’amhránaíocht, agus ina dtugann an file gearrshuimiú ar scéal fhuascailt an chine dhaonna, ó Ádhamh sa ghairdín go dtí céasadh Íosa ar an chroich. Is léir, ar a laghad, go raibh an-chumas ag an Dall ar an dá chineál meadarachta. Más amhlaidh a ceapadh An Dán Breac ar iarratas sagairt, is furasta é a shamhlú mar chuid de sheirbhís an Aifrinn, ina léifeadh an sagart rann agus ina gcanfadh an pobal véarsa d’amhrán mar fhreagairt air. Maidir leis an tsraith áirithe Na Féilte Muire, ina bhfuil gach dán aonair ina TRAA, agus é dírithe ar fhéilte éagsúla Muire, is féidir seo a cheangal leis an ‘Act to prevent the further growth of Popery, passed in 1704, [which] declared that the invocation or adoration of the Virgin Mary, as used in the Church of Rome, was idolatrous’ (O’Dwyer 1988: 233), acht a ndearna an eaglais in Éirinn neamhshuim dó agus ar throid na sagairt ina éadan. Deirtear faoi Phéindlí eile: ‘the Act of 1697 … imposed severe restrictions on the parochial clergy who were allowed to remain’ (ibid.: 294), agus thig linn an tsraith seo a shamhlú mar chuid den Fhrith-Reifirméisean in Éirinn i measc na nGael. Tá 23 de lámhscríbhinní againn ar fad a bhfuil cóipeanna (mórán díobh bearnach) de Na Féilte Muire iontu, agus is léir gur dearcadh ar an tsraith seo mar chuid tábhachtach de shaol cráifeach an phobail i nDeisceart Uladh tionchar ón chreideamh Caitliceach a mhair ar feadh i bhfad, nó scríobhadh leagan de Na Féilte Muire i gCo. Lú chomh mall le 1843 (LS 134).
Tá dán amháin againn (uimhir 42) ó Phádraig Mac a Liondain agus dhá cheann (44, 60) ó Pheadar Ó Doirnín; leag lámhscríbhinn amháin uimhir 62 ar Ó Doirnín fosta, agus is gnách uimhir 101 a leagan air. Is féidir dearcadh ar uimhreacha 4244 mar chineál de shraith dánta, agus Mac a Liondain, an Dall agus an Doirníneach ag moladh agus ag cáineadh a chéile inti.
Baineann uimhreacha 64 agus 70, ar a laghad, le Co. an Chabháin, Bréifne Uí Raghallaigh, ach ní dócha gur cumadh iad roimh 1750, tamall maith i ndiaidh cumadh an TRAA dheiridh atá againn ó Bhréifne Uí Ruairc (Co. Liatroma).
Ó Cho. Mhuineacháin a tháinig Brian Ó Cathaláin, sagart, a scríobh LS 53, a chum uimhir 63 agus a bhfuil ceangal aige le huimhir 77. Níl aon fhianaise againn gur cumadh uimhir 77 i bhfad roimh 1825. I lár na ‘cearnóige’, b’fhéidir, a chaithfimid Muiris Ó Gormáin a chur, duine a chuidigh go mór le leathnú na foirmle in Oirialla. Scríobhaí é a rugadh i ndiaidh 1700 i gCo. Mhuineacháin (Clogher Record II: 21), a thosaigh a scríobh lámhscríbhinní i 1734 ar a mhoille; a scríobh 10 nó 11 de lámhscríbhinní a bhfuil samplaí den TRAA iontu, ceithre cinn acu sin (30, 45, 54, 63) a bhfuil cnuasach díobh iontu; a chum uimhreacha 49 agus 64 anseo, dar linne, agus a fuair bás i dtrátha 1794 i mBaile Átha Cliath (O’Grady 1926: 598).
Níor chum Art Mac Cumhaigh (c.17381773) TRAA go bhfios dúinn, cé gur chum sé TAAA (trí amhráin agus amhrán; féach Ó Fiaich 1973: 99100; Blankenhorn 2003: 311). Cé gur mhair an TRAA beo i gCo. Ard Mhacha go dtí lár na naoú haoise déag, mar a fheicfimid, dúirt Flower (1926: xxviii, 50) gur éag sé roimh 1800: b’fhéidir nach raibh an fhoirmle chomh flúirseach i ndiaidh c.1775, ach ní féidir a bheith cinnte faoi sin de cheal dátaí ar na dánta.
I bparóiste Chill Chua in oirthear Cho. an Dúin a scríobh an sagart Pádraig Ó Brinn (c.1743c.1817) LS 64 idir 1778 agus 1795, ina bhfuil an leagan is sine d’uimhir 65.
I bhFear Manach, mar a chonaiceamar, a scríobhadh uimhir 91 roimh 1690, agus síleadh uair gur le Fear Manach a bhain Pádraig Ó Pronntaigh, a bhí ina scríobhaí dícheallach ó 1732 go 1772. B’eisean údar uimhreacha 56 agus 57 agus scríobhaí LSS 40 agus 49, agus is léir a cheangal le Fear Manach, ach is cosúil go raibh sé ina chónaí i mBaile Mhic Scanláin, Co. Lú, am éigin timpeall ar 1738 (Flower 1926: 118). Timpeall ar 1800, is dócha, a chum Séamas Mac Giolla Choille i nDún Dealgan uimhir 73, agus Pól Ó Briain, Míoch, uimhir 72.
Roimh 1825 a chum Art Mac Bionaid i gCo. Ard Mhacha uimhir 76, agus níorbh fhada ina dhiaidh sin a chuir sé uimhir 90 le chéile. Na 10 gcinn eile de TRAA a rinne Mac Bionaid, is i ndiaidh 1840 a rinneadh iad, agus is féidir go raibh an fhoirm marbh dáiríre beagán i ndiaidh 1825, nach raibh ach an Bionadach amháin anois á gcumadh. Mhair cumadh na TRAA beo, mar sin, má bhí sé ag dul i laige féin, i nDeisceart Uladh i ndiaidh 1775, nuair nár mhair sé i gcearn ar bith eile den tír. Cibé a bhí ann, dúil san ársaíocht ag Art nó dóchas go mbeadh lá eile ag an TRAA (mar a bhí ag soinéad an Bhéarla i ndiaidh c.1750), bhí seisean ag gabháil don TRAA go fóill in 1852 (uimhreacha 86 agus 87), agus ní féidir bás an TRAA a chur níos faide siar ná sin.
Níor ghlacamar isteach sa chnuasach seo sampla ar bith den TRAA is moille ná uimhreacha 8587, na cinn dheireanacha a rinne Art Mac Bionaid in 1852.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Maidir le fonn ceoil a bheith ag baint leis na TRAA (nó leis an Amhrán iontu), níor thángamar ar fhonn ceoil a bhain ó thús le haon cheann de na dánta seo. Tá ceol le fáil le huimhir 2, le huimhir 35 (Ó Baoill 1975: 47) agus le hAmhrán uimhir 95, ach ní bhaineann an ceol leis na dánta sin ó thús. Cineál filíochta é an TRAA, dar linne, a chum daoine léannta le haghaidh a léite, nó le haghaidh a haithriste, gan cheol: nuair a bhíos dhá mheadaracht éagsúla san aon dán ní furasta aon fhonn amháin a chur leis an dán. Más fíor, mar sin, gur filíocht gan cheol é an TRAA, is dócha nach i measc na ngnáthdhaoine go bunúsach a mhair na dánta seo, ach go príomha i measc an lucht léinn agus ina gcuid lámhscríbhinní. Is minic a dúradh go bhfuil an traidisiún béil féin léannta in Éirinn, agus is é sin fáth, gan amhras, go bhfuil fianaise ann go raibh dhá cheann de na TRAA anseo ar eolas sa bhéaloideas, uimhir 89 san ochtú haois déag agus uimhir 40 san fhichiú haois ach níl fianaise againn go raibh ceol le ceachtar acu sin.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Tá an t-eagrán seo de dhánta an TRAA bunaithe ar fad ar na lámhscríbhinní a bhfuaireamar na dánta iontu. Cuireadh isteach is amach ar 75% de na dánta seo i gcló cheana, in irisí éagsúla, i leabhair fhilíochta ghinearálta agus i leabhair ar fhilí aonair. Tá liosta na lámhscríbhinní, i ndeireadh an tsaothair seo, leagtha amach againn de réir bhliain (cinnte nó measta) a scríofa. Thugamar cuairt ar gach leabharlann in Éirinn agus sa Bhreatain ina raibh TRAA le léamh i lámhscríbhinn againn. Chuir lucht stiúrtha mórán leabharlann ar fud na hÉireann, na Breataine agus Mór-Roinn na hEorpa, chuireadar gach áis taighde ar fáil dúinn agus thugadar cead dúinn úsáid a bhaint as a gcuid lámhscríbhinní: táimid buíoch díobh uile dá réir.
Ag déanamh liosta na lámhscríbhinní don eagrán seo dúinn, is suimiúil cuid den eolas a thugamar as an obair. Ar thaobh amháin, tá 28 de dhánta (as an 103) nach bhfuil le fáil ach i lámhscríbhinn amháin, agus 16 eile nach bhfaightear ach in dhá lámhscríbhinn. Ar an taobh eile, tá 12 dhán a gheibhtear i níos mó ná 12 lámhscríbhinn. Is féidir na figiúirí seo a úsáid mar mheastachán ar tharraingt (nó a mhalairt!) na ndánta aonair do phobal na léitheoirí. Ach ní mór cuimhniú nárbh é seo gnáthphobal na Gaeilge ach pobal an lucht léinn, iad siúd a raibh cleachtú acu ar léamh agus scríobh na teanga, dream an-bheag ar fad.
Ba iad na scríobhaithe a choinnigh an léann beo, agus a ghníomhaigh mar ‘fhoilsitheoirí’, ag tabhairt ábhair chun follais as na lámhscríbhinní a raibh plé acu leo. Ba dhaoine iad a láimhseáil cultúr na lámhscríbhinní go rialta, á gcóipeáil agus á léamh agus á n-iolrú dóibh féin nó ar mhaithe lena gcuid cliant a dhíolfadh airgead as an obair. Bhí teagmháil leanúnach acu chomh maith lena gcomhscríobhaithe, iad ag seachadadh lámhscríbhinní eatarthu féin lena n-úsáid mar uirlisí reatha dá ngnó. Ar ndóigh, bhí gach scríobhaí ina bhall fosta dá chomhluadar áitiúil féin, iad uile eolach ar mhianta agus bhlasanna a chéile san fhilíocht, agus is féidir iad a mheas mar fhuinneoga isteach ar an chultúr anaithnid seo, ‘Éire faoi cheilt’ na n-aoiseanna a d’imigh, agus iad ag soláthar TRAA dúinn.
Ag cur seo san áireamh, is dócha nach aon ionadh na bearnaí uilig i stair na lámhscríbhinní ar bhaineamar feidhm astu sa saothar seo. Is míorúilt linn na 28 de lámhscríbhinní aonaracha a bheith againn a shábháil dúinn, sampla amháin i ngach ceann, TRAA nach bhfuil le fáil i bhfoinse ar bith eile. Leabhar míorúilteach amháin díobh seo is é LS 82, atá i Leabharlann Náisiúnta na hAlban. Cibé Albanach a scríobh é sin i dtrátha 1776, bhí sé ar bhord loinge i gCeanada le scaifte saighdiúirí de Ghaeil na hÉireann agus na hAlban i gcuideachta a chéile, agus é ag scríobh síos scéalta agus dánta a chuala sé uathu. Gnáthdhaoine iad seo, gan amhras, iad ag cuimhniú le fonn agus comhbhá ar a dtír dhúchais, go háirid agus iad ar an choigrích agus i mbaol a mbeatha. Agus d’inis Gael éigin (as Tír Chonaill, b’fhéidir) Trí Rainn agus Amhrán Easa Rua, trí Rainn as dán a chum file tábhachtach Éireannach faoi lár na tríú haoise déag, agus véarsa d’Amhrán (a chum sé féin, b’fhéidir, nó a fuair sé ina bhéaloideas féin); féach na nótaí ar uimhir 89.
Is léiriú é seo, in ainneoin a bhfuil ráite againn i dtéarmaí ginearálta thuas faoi chumadh na TRAA, go raibh daoine sa ghnáthphobal a bhí eolach ar an fhoirmle agus a d’aithin faoina hainm é. Ar ndóigh, níl cruthú againn nár dhuine léannta é an duine a thug uimhir 89 don scríobhaí; ach níl cruthú againn ach oiread nach gcoinníodh na gnáthdhaoine rann den Dán Díreach, nó TRAA féin, ina gcuimhne ar feadh i bhfad dá mba amhlaidh a bhí suim acu ann, ar chúis amháin nó ar chúis eile. Ag cur san áireamh gainne na TRAA i dTír Chonaill (uimhreacha 89 agus 90, sin a bhfuil), is seoid iad seo, uimhir 89 agus LS 82, agus iad ina rabhadh dúinn, agus sinn ag iarraidh a bheith chomh hiomlán agus a thig linn i mbailiú na ndánta seo, nó in amanna líonann rotha an tsaoil bearnaí na n-aoiseanna.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
An chuid is mó de na dánta, ní fios dúinn cé chum iad, agus fiú nuair a bhíos ainm an fhile againn is annamh is féidir dáta cruinn a chur leis. Tá samplaí ann, ar ndóigh, nuair a thig linn dáta measartha cruinn a chur le dán ar fhianaise mhaith eile, leithéidí uimhreacha 7 (1694), 21 (1724) agus 82 (1845). Ach de ghnáth ní bhíonn d’fhianaise againn ach dáta na lámhscríbhinne ina bhfuaireamar an dán, agus ní hannamh an dáta sin a bheith neamhchruinn freisin. Na dánta is luaithe (is dócha) dá bhfuil againn, nach bhfuil le fáil ach i LS 2, inar scríobhadh iad (uimhreacha 14) i 1681 (creidtear), ní féidir linn dáiríre dáta ceart a chur lena gcumadh ach ‘roimh 1682’. Mar an gcéanna, na dánta (uimhreacha 48, 53, 88) nach bhfuil againn i lámhscríbhinn is luaithe ná LS 30 (1745), ní féidir de ghnáth a thabhairt mar dháta orthu ach ‘roimh 1746’.
San eagrán a chuireamar i gcló i 1996, Trí Rainn agus Amhrán: Cnuasach Filíochta (CF), chuireamar isteach (lgh 119122) liosta le dáta os comhair gach dáin. Ach in ainneoin an rabhaidh a thugamar sa tosach, go raibh mórán de na dátaí sin neamhchruinn, iad bunaithe ar dhátaí na lámhscríbhinní amháin, feictear dúinn gur fearrde an t-eagrán seo gan liosta den chineál sin ar chor ar bith, de bhrí go gcuirfeadh sé duine ar seachrán faoin mhéid eolais dátuithe atá againn.
San eagrán seo, mar sin, beidh plé na ndátaí le fáil i mbocsaí na ‘Nótaí’ ar na dántaí aonair. Sna bocsaí ar a bhfuil ‘Foinsí’ le taobh gach dáin gheofar dáta na lámhscríbhinne is luaithe ar an liosta.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
I liosta na lámhscríbhinní chuireamar uimhir, de réir dáta, le gach lámhscríbhinn ar bhaineamar úsáid aisti: chuireamar na huimhreacha sin i gcló dubh sna tagairtí dóibh sa téacs agus sna nótaí. Sa bhocsa ‘Foinsí’ le gach dán tá liosta againn de na lámhscríbhinní a bhfuil leaganacha den dán iontu, agus uimhreacha na leathanach; tá liosta seo na lámhscríbhinní de réir ord a n-aoise, de ghnáth, agus ár dtéacs bunaithe ar an chéad cheann, an ceann is sine. Ach tá eisceachtaí ann: nuair a bhíos dán againn scríofa i lámh an fhile féin (Seán Ó Neachtain nó Art Mac Bionaid) in dhá lámhscríbhinn, leanamar leis an dara leagan de ghnáth, ag glacadh leis go raibh an file féin ag cur snas ar a chuid oibre (seo mar atá uimhreacha 19, 20, 76, 82, mar shampla; cf. ‘Stair na TRAA sna Lámhscríbhinní’ thuas).
Agus sinn ag plé le thar céad go leith lámhscríbhinn, a scríobhadh i gcanúintí éagsúla na teanga idir lár na seachtú haoise déag agus lár na naoú haoise déag, shocraíomar ar na dánta a fhoilsiú i nGaeilge an lae inniu agus faoi litriú an chaighdeáin oifigiúil, mar a léirítear é i Foclóir GaeilgeBéarla Néill Uí Dhónaill, agus bhaineamar feidhm as na litrithe éagsúla atá ceadaithe go minic san fhoclóir sin. Táimid faoi chomaoin mhór ag Seán Mac Mathúna, Baile Átha Cliath, as ucht a ndearna sé dúinn de scrúdú ar ár ndrochlitriú agus ár ndrochghramadach. Go hiondúil, ar ndóigh, leanamar le seanlitriú traidisiúnta na Nua-Ghaeilge, nó le canúint Chúige Uladh, i dtéacsanna na ndánta féin, ar mhaithe le cúrsaí meadarachta nó le scríbhneoireacht na bun-lámhscríbhinne a leanúint go dílis. Is foclóir fíorúsáideach é Foclóir Uí Dhónaill agus is tearc focal nach rabhamar in ann réiteach céille a aimsiú dó; ach aon áit ina bhfuil focal scríofa ar chuma neamhchaighdeánach éigin, tá sé sin pléite againn sna nótaí ar na dánta aonair.
Sa bhocsa ‘léamha as LSS’ le taobh gach dáin, leagtar amach léamha as na lámhscríbhinní bunúsacha (nuair a bhíonn gá leo), iad uimhrithe againn de réir línte an dáin; tá sé seo againn uair ar bith a mheasamar go mbeadh leagan an chaighdeáin ar fhocal athraithe an iomarca ó litriú na lámhscríbhinne.
Is ar an aon phátrún amháin atá bocsaí na nótaí ar gach dán leagtha amach: trácht, más gá, ar phointí suimiúla a bhaineas leis na lámhscríbhinní, eolas breise fúthu, coibhneas eatarthu; agus ansin pointí eolais (stair agus eile) a bhaineas leis na dánta féin. Má tharlaíonn go bhfuil dhá leagan cuíosach difriúil de dhán ar fáil, sna nótaí a fhoilsímid athscríobh den dara leagan.
|
|
|