Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

72. AN DOCHTÚIR MAC A BHEAG











le Pól Ó Briain
A dhochtúir shéimh na naoi ngrádh,

File bláthdheas Inse Coinn,

Thugas searc duit is cad é an fáth?

Mar de shruth na mbard go bhfuaireas rainn.
Grá thú le neach fialmhar suairc

Is grá gan gruaim in aice cáich,

Is grá dúinn mar don fhear uainn,

Ag fáiltiú sluaigh is ag riaradh dámh.
A dhún is deimhin gur dún na rí —

Déanaim fíoghar is ní shéanaim sin;

Ó fuaireas faoi do bhrataigh síth,

Maith ár gcríoch an dochtúir grinn.
A lia a bheir cabhair tré mheabhair ón éag dá lán,

A bheir croí agus aigne don éagrua tan bíd uait slán,

Seo míle frasa de bheannachtaibh caomh gan cáin

Uaimse id fharraid, a charaid, is go mba buan do tháin.