Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

78. CEISTÍM DIADHAIRÍ INIS FÁIL











le hArt Mac Bionaid
Ceistím diadhairí Inis Fáil,

Ceistím an Pápa agus a eaglais chúil:

An le linn Naoi dhul insan Áirc

Tháinig na medals i stáit ar dtúis?
An raibh sé ar Mhaoise nó ar Aaron

Nuair a cailleadh Pháró anns an Mhuir Rua?

An raibh sé ar Eoin ag siúl an fhásaigh

Nó ar Elisha nuair a shnáimh an tua?
An raibh sé ar Phádraig ag teacht go hÉirinn?

An raibh sé i gcéim le linn na naomh?

An raibh sé ar Cholum Cille mhac Feidhlim

Nó ar Chormac séimh mac Cuileannáin caoimh?
Is iomaí riail chrábhaidh tháinig go clár Inis Fódla

Ó chuaigh Heanraí is a pháistí a fháisceadh na gcordaí,

Ach anois tá gobán cráite ar na garlaigh sa choirneál

In aghaidh tinnis, gorta is plá agus gnás sú na heorna.