Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

5. SUIRGHE AN CHEARD DO CHLEACHTAMAR











Suirghe an cheard do chleachtamar:

Dá mbeith neart ar an éigean!

Is doilí ná gach deacracha

An ní cleachtar do thréigean.
Is maith bua na beathasa —

Ní feas ach don té d’fhionnfadh;

Ina dhiaidh ní mór mo bheathasa —

Ár marthain is mó is iongnadh.
An díomhaoineas rer dhealaíos,

Is crá lem chroí a chuimhne;

Faraor, is bia beathaíos

Anois sinn is ní suirghe.
Suirí an cheard de ghnáth do chleachtaimis riamh,

Is cumann re mnáibh tar chách do bhraithimis fial;

A thuigsin is cáir, an grá gur bheathaigh sinn cian,

Cé minic mé i gcás ina dheáidh go mblaisimis bia.