Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

53. ITEAR IASC I mBAILE SHAC











Itear iasc i mBaile Shac

Agus uibhe cearc i mBaile Átha Troim;

Is dá fhusa síol a chur i sac

Ná gaineamh i ngad i gCrích Choinn.
As gach aird a thig an ghaoth;

Bíonn laogh ag an mart;

Don mo scéil orm féin

Ach mur fearr a shnámhaidh an gé ná an chearc.
Bíonn bróg ar fhear ionaid an rí;

Ag dul ar slua ní dual a bheith de chois;

Itear pis i bhFine Gall;

Is dá lia arg ann ná ceis.
Bíodán cailleach, ní maith an comhluadar sin;

Aon bhás carad an galar is trua ar bith;

Ní dual searrach ar machaire crua gan rith

Is ní dual cailín gan aire aici ar bhuachaill fir.