Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

87. SÉAMAS Ó CEALLACHÁIN













le hArt Mac Bionaid
Má d’éag Seon Johnston agus Cianán na gCeann

Tá Ceallachán cinnte againn ina n-áit:

Is é an madadh fola is fearr insan Inse é

Ó d’imigh Luggy an chaimbéil is Peadar Bán.
Thug sé an Sagart Ó Leannáin i láimh an cheann-Iúdaigh,

Chuir sé a chúla le grása Dé:

Muna gcuirthear musal i soc an Iúdáis

Scriosfaidh sé an chúige idir Eaglais is Chléir.
B’fhearr dó cloch mhuilinn fána bhrághaid

Agus a theilgean in áibhéis Eas Aoidh Rua

Ná aithris a dhéanamh ar an chonairt ghránna

Dh’fhág Príomháidh Ardmhacha gan cheann san uaigh.
Dá mbeadh Tiberius nó Nero, tá lofa san uaigh,

Nó Diocletian nach ngéilleadh do thréan nó thrua

Ag éisteacht le Séamas ag mionnú go crua,

Ag tabhairt pléisiúir do éiricigh, b’fhogas dó duais.