|
93. RÓISE NÍ NÉILL |
|
|
|
|
|
|
|
|
Oidhreacht Fódla ó bhinn go binn |
|
|
Ar Róise Ní Néill ní mhaífinn
|
|
|
|
Is gurab í amháin rogha an fhoinn
|
|
|
|
De shíol ághmhar Éireamhain. |
|
|
|
|
|
|
|
Ná meastar gur breith le báidh |
|
|
Mo bhreith den ríogan ndearcnáir,
|
|
|
|
Ach méid maise, féile is tlacht,
|
|
|
|
Gach céim eile is a ceansacht. |
|
|
|
|
|
|
|
Rogha na rós an rós ghlan, |
|
|
Rós os gach rós an ríoghan;
|
|
|
|
Iníon Hanraí dar dhual ceart
|
|
|
|
Tuatha Theamhra mar oidhreacht. |
|
|
|
|
|
|
Teallaigh Teamhra, Eamhna is Aileach na rí, |
|
Nás Luachra, Cruachna is Inis a dtriar,
|
|
Bóinn, Buas, bailte cuain is gach calafort saor,
|
|
Is duitse is dual siúd, a shuaircbhean cheannasach chaoin. |