Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

17. OSNA NA SCOLÓIGE











Brughach mí-ámhar mise:

Ní thagann síol dá gcuirimse;

Lá an fhómhair is léirchreach linn —

Is lúide mo chruach a gcuirinn.
De chúpla dias an ceathrú cuid

Do bhí in mo ghort — do mheath sud:

An chuid do mheath monuar nach dtig,

Is na codcha a mheath do tháinig.

Tabhartas iad an Bithbheo bhronn,
Ba ardú meadhra is meanman:

Nós Uí Bhriain, do ghair ar ais

An chuid fá fearr den tabhartas.
Ó nár fhreagair an talamh mé féin go cóir

Mórchuid leanna budheasta do dhéanfad dóibh;

Beoir chosc tarta, ní gheallaim — mo léan go deo —

Go leor den deasca do Ghallaibh nach éigean ól.