Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

62. A INÍON tSUAIRC AN CHRUTHA GHLÉ













A iníon tsuairc an chrutha ghlé,

Ós nuachar duit le céile grá,

Seachain seilg Fhoraois na gCraobh

Is a heilit mhaol ler daoradh mná.
A chnó gaoil, ná sín crobh

Re bia ná deoch, re ceasta ceilg,

Ar eala an ghruagaigh ón toinn anfa

Ler daoradh bantracht an Halla Dheirg.
An brat sin Aoife Iníon an Deirg

A choíche ná tairg a chur ort mar scáth

Le ceasta a theannta fán bpíb nua,

Ler tuilleadh fuath fá thrí do mhnáibh.
A iníon is a charaid, ná taithighse choíche an tseilg

Is ná lig ar th’amharc an eala chuir daoine i bhfeirg;

Seach ní ar an talamh seachain, a chroí gan cheilg,

An caoinbhrat tana bhí tamall ag Iníon an Deirg.