Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

85. SÉAMAS Ó DÚICHE











le hArt Mac Bionaid
Tá sagart fialmhar i gClochar na sua,

Sciath dhídean na slua is dísle méin,

Réalt eolais an chreidmhigh, scáthán na suáilce,

Den fhíorfhuil uasal Oiriall ó fhréimh.
Chan sparán béalchúng casta crua

Chleacht an Guaire seo i dtúis a shaoil:

Stóras Chrassus, gé gur mhór le lua,

Go bpronnadh gan ghruaim mar dhrúcht den chraoibh.
Dá measfaí tallann (is ní áirím dúchas),

Chuirfeadh an prionsa ciúin seo an báire;

Chuirfí Pól Ó Cuileann siar go Broomfield

Agus Séamas Ó Dúiche go hArdmhach.
Má tá an dara Maoise i gcolainn daonna insan domhan go léir

Is i nDomhnach Mhaighin atá an sceallán naofa in onóir is i gcéim;

Chan ar chruinniú maoine bhíonn sé ag smaoineamh, mar bhíos iomad den chléir,

Ach a sholáthar saolta a roinn mar thaoscadh na toinne le réim.