|
85. SÉAMAS Ó DÚICHE |
|
|
|
|
|
|
|
le hArt Mac Bionaid |
|
|
|
|
|
|
|
Tá sagart fialmhar i gClochar na sua, |
|
|
|
Sciath dhídean na slua is dísle méin,
|
|
|
Réalt eolais an chreidmhigh, scáthán na suáilce,
|
|
|
|
Den fhíorfhuil uasal Oiriall ó fhréimh. |
|
|
|
|
|
|
|
Chan sparán béalchúng casta crua |
|
|
|
Chleacht an Guaire seo i dtúis a shaoil:
|
|
|
Stóras Chrassus, gé gur mhór le lua,
|
|
|
|
Go bpronnadh gan ghruaim mar dhrúcht den chraoibh. |
|
|
|
|
|
|
|
Dá measfaí tallann (is ní áirím dúchas), |
|
|
|
Chuirfeadh an prionsa ciúin seo an báire;
|
|
|
Chuirfí Pól Ó Cuileann siar go Broomfield
|
|
|
|
Agus Séamas Ó Dúiche go hArdmhach. |
|
|
|
|
|
|
Má tá an dara Maoise i gcolainn daonna insan domhan go léir |
|
Is i nDomhnach Mhaighin atá an sceallán naofa in onóir is i gcéim;
|
|
Chan ar chruinniú maoine bhíonn sé ag smaoineamh, mar bhíos iomad den chléir,
|
|
Ach a sholáthar saolta a roinn mar thaoscadh na toinne le réim. |