Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

20. PÓL MAC AOGÁIN











le Seán Ó Neachtain
An bheannacht uait ro fuaireas —

Tabhairt do dhuairc is doladh —

Beirim arais gan ghó duit,

Duitse dar cóir an moladh.
Is fearr thuilleas a cháineadh

Duine gan aird mar mise:

Ag fíor-annmhacht mo chuarta

Ag duine i nguais mar ibhse.
An bhean ro bhronnais gan léine,

Glacaimse léithe feasta;

Bean is seisear na ngeoineach

Duit de mo dheoin ’na malairt.
Mo chreach is mo leann gach am mar táir i mbroid,

A chara na bhfann nár ghann i láthair Scoit;

An aicme chuir bang ar do ghreann, ba hábhar suilt

Easpa ina dteannta, angar, gártha is gol.