|
74. PHÓS MISE BEAN IS NÍ DE MO DHEOIN
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Phós mise bean is ní de mo dheoin, |
|
|
|
An bhean is mó chráigh mo chroí,
|
|
|
Bean ar luigh léi fear is céad
|
|
|
|
De Chlanna Gael taobh istigh de mhí. |
|
|
|
|
|
|
|
Fuair Ó hÁgáin uirthi dreis |
|
|
|
Is fuair sí treis i nDún na nGall;
|
|
|
Thóg Mag Uidhir a chos léi
|
|
|
|
Is chuir Ó Reighligh a chleas ina tarr. |
|
|
|
|
|
|
|
Níl aon bhráthair molta maol |
|
|
|
Ó Theamhair na Rí go hÁtha Cliath
|
|
|
Nár chodail seal in ascaill mo mhná
|
|
|
|
Is sin taobh istigh de bhliain. |
|
|
|
|
|
|
Lá léin ar an mBréachmhaigh do lean mé gan spás, |
|
Is na céadtaibh de na Gaelaibh go dtugadar di grá;
|
|
Ó a Shéamais, ós tú léifeadh go cumasach dán,
|
|
Nó an féidir go mb’fhéidir domh col dealaithe d’fháil? |