|
12. ABAIR LEIS NÁ DÉANADH ÉAD |
|
|
|
|
|
|
|
|
Abair leis ná déanadh éad |
|
|
|
Is gur bréag an scéal do cuireadh faoi:
|
|
|
Aige féin atá mo ghrá
|
|
|
|
Is m’fhuath de ghnáth ag a mhnaoi. |
|
|
|
|
|
|
|
Má mharbhann sé mise trí éad |
|
|
|
Éagfaidh a bhean de mo dhíth;
|
|
|
Éagfaidh seisean de chumha a mhná
|
|
|
|
Is mar sin thiocfas bás an trír. |
|
|
|
|
|
|
|
Gach maith ó neamh go lár |
|
|
|
Chun na mná ag a bhfuil m’fhuath,
|
|
|
Is an fear ag a bhfuil mo ghrá,
|
|
|
|
Go bhfaighe sé bás go luath. |
|
|
|
|
|
|
A théagair, is duit do bhéarfainn mo mhíle grá, |
|
Os ó do ghéarshearc nach féidir domh Críost a dh’fháil;
|
|
A Dhia ghléigil do bheir réalta agus grian ar áidhear,
|
|
Nach léigthear gach aon neach mar mbíonn a ghrá? |