Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

36. DÓNALL Ó MAOL RIAIN











le Brian Ó Ceallaigh
Geall Gaedheal ar ghaisce ghloinn

Gabhais Iollann na mór-ghéibheann:

An clú céanna ar Chríoch Choinn

Le barr léighinn ag Dónall.
Fítheal agus Flaithrí fionn,

Bhí cíos dóibh ar treibh Éireann:

An reacht céanna gan smúid gan smacht

Do Dhónall Ó Maol Riain is rocheart.

I dtoigh na Craobhrua do bhí

Ollúna Éireann gan mórmhaíomh:

Samhail Dhónaill ní raibh ina measc

Le sruthaibh léighinn gan oideas.
Ó léanscrios Gael do leithéid níor shaltair sa gcrích,

Ag athbheoú na ndéithe chuaigh dh’éag le fada, faraor,

Ag ardú an léinn a chuaigh i dtréas ó d’imigh na draoith’:

Coróin na hÉireann ar éigsibh, is ceart liom duit í.