|
36. DÓNALL Ó MAOL RIAIN |
|
|
|
|
|
|
|
le Brian Ó Ceallaigh |
|
|
|
|
|
|
|
Geall Gaedheal ar ghaisce ghloinn |
|
|
Gabhais Iollann na mór-ghéibheann:
|
|
|
|
An clú céanna ar Chríoch Choinn
|
|
|
|
Le barr léighinn ag Dónall. |
|
|
|
|
|
|
|
Fítheal agus Flaithrí fionn, |
|
|
Bhí cíos dóibh ar treibh Éireann:
|
|
|
|
An reacht céanna gan smúid gan smacht |
|
|
|
Do Dhónall Ó Maol Riain is rocheart.
|
|
|
|
|
|
|
|
I dtoigh na Craobhrua do bhí |
|
|
Ollúna Éireann gan mórmhaíomh:
|
|
|
|
Samhail Dhónaill ní raibh ina measc
|
|
|
|
Le sruthaibh léighinn gan oideas. |
|
|
|
|
|
|
Ó léanscrios Gael do leithéid níor shaltair sa gcrích, |
|
Ag athbheoú na ndéithe chuaigh dh’éag le fada, faraor,
|
|
Ag ardú an léinn a chuaigh i dtréas ó d’imigh na draoith’:
|
|
Coróin na hÉireann ar éigsibh, is ceart liom duit í. |