Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

22. PROINSIAS LAIGHNEACH











le Máire Ní Reachtagáin
Fáilte romhat go Duibhlinn daoineach,

A oide fíre an fhíor-chrábhaidh,

A aoire ionraic úrthréid Íosa,

A chroí dhílis na hil-ghrádha.
Réalt eolais i slíthibh

Go dún naofa Dé dúileach

Proinsias páirteach, cé laighneach,

I bhfoighne is in umhla.

A chéile cumainn an chóir-chreidimh

I dteagasc is i bhfuighle,

Míle fáilte romhat, a chumainn,

Go háth ionúin Duibhlinn daoineach.
Dia do bheatha, a chara is a chéile an ghrinn,

Dia do bheatha go cathair an Bhéarla bhinn;

Cian do bheatha sul rachair i gcré nó i gcill

Iarraidh is aisce do Mhailí bhocht féin, a choim.