Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

92. RÓISE NÍ NÉILL











le Seán Gránna Mac Con Mhuí
Iníon Éinrí mhic Aoidh Uí Néill

Mhic Coinn mhic Airt Óig armghéir

Mhic Néill Chonallaigh mhic Airt chain

Mhic Coinn mhic Éinrí mhic Eoghain;
Iarsma na rí ó Theamhair

An ríogan shíodha shaineamhail

Ghoirmdhearcach gan bhéim gan bhine

De fhréimh oirbheartach Iughaine.
Togha fionnbhan Inse Fáil

An maighre dathgheal dearcnáir:

Fá mian don fhial biathadh bocht,

Cothú na gcliar ’s a bhfurtacht.
Cuirtear mná Fódla in ordú na n-ealtain éan —

Is í Róise den ord sin ba shamhail don ghéis;

Rós os gach rós bhean loinnir den ghréin

Róise gheal mhómhar iníon Hanraí Uí Néill.