Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

16. PÓL MAC AOGÁIN











le Seán Ó Neachtain

Na dúileadha ag fearadh díleann,

Tá gach maoileann ina lánlinn

Is blas na meala mar chaorthann

Gan Pól síthbhinn a bheith lámh linn.
Ní huch duitse, a Chill Mhaighneann —

Anocht is aoibhinn do thórainn:

Do fearadh ortsa mar naoimhchim

An fhlaith ghaoisghrinn mar chomhroinn.
Ní gcúl beag ar foghlaim Éireann

Go bhfuil géibheann ar bhéal Phóil fhinn;

Beidh gach olc budheasta ag spairn linn

An fhlaith ó d’fhág inn, fear an mhóirghrinn
Fódla an bhean faoi fhrasaibh deor i ngruaim,

Gan treoir gan cheart gan rath gan eol gan stuaim,

Ón bpól ó dheas ar fad go pól aduaidh

Fá cheo mar bhrat ó scar mo Phólsa uainn.