Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

19. PÓL MAC AOGÁIN











le Seán Ó Neachtain
An cairneach do bhronn ionar

Go fial miochair do gheoineach,

Guidhim Dia go dílis

Ná raibh a chlí gan chóta.
An fear mar Ghuaire i bhféile,

Fear gan spéis i dtoice,

Gan easpa é, gan éadáil:

Aois is aonlá ina fhochair.

An fear is frasach íocas

Ceart na haoi is na héigse,

Tuirín grinn na gaoise

An ceartfhlaith díreach déirceach.
Snódh gartha ina leacain mar rós a d’fhás,

Beol gasta chun teagaisc is treoir do chách;

Leo sneachta a chorp snasta gan smól gan ghráin,

Pól Aspal, mo dhóigh, maireann sa bPól seo Seáin.