Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

48. CONCHÚR DUBH











Abhac beag nach ábhar gáire

Conchúr Dubh na seancháire;

Trú dhealgach nach dealbhann duain

An míolchú calgach contrua.
Arrachta beag na bpus ngorm

Conchúr bocht bolglom;

Feithide fíor-ghránna gan tlacht

An créatúr tarrlom tarnocht.
I ndeireadh earraigh ag cognadh gráin

Ba chosúil é le harcán:

San samhradh, cé líonmhar bliocht,

Mar phisín amhgar seanchait.
Is é Conchúr Dubh an smuilcín bocht gránna ciar

Do bheireadh an cuirrín is an poicín leis lán ón tsliabh;

A fuair toirtín ón mbruithnín le cáineadh cliar:

Broim an deamhain is an diabhail dá thóin go dian.