|
3. CUIRFEAD MO DHROIM RIS AN dTÍR |
|
|
|
|
|
|
|
|
Cuirfead mo dhroim ris an dtír! |
|
|
|
Tuirseach mise go dtí an bráth:
|
|
|
Le méid mo thola do mhnaoi
|
|
|
|
Ní feas domh nach oíche an lá. |
|
|
|
|
|
|
|
Deacair domhsa dealúin riut, |
|
|
|
A iníon uchtgheal, a chruth shéimh:
|
|
|
Róshearc ag loscadh mo chlí,
|
|
|
|
Ní bheadh duine i dtír mar mhé. |
|
|
|
|
|
|
|
Mo chroí ina linn fola uait |
|
|
|
Nár mhaithe Críost dod ghrua ghlain!
|
|
|
Uchán, luífead mar ba dual
|
|
|
|
Is tiocfair ar an uaigh dom chur.
|
|
|
|
|
|
|
M. á. ní macánta an nós dom é |
|
Ó do chuir smál i gcruth mná do phósfadh mé:
|
|
Bí uchán fá bheangán an órfhoilt réidh
|
|
Idir láimh mo leannáin fá chomhair mo chléibh. |