Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

65. DÓNALL AN SAOR-GHRUAGACH











Dónall an saor-ghruagach,

Den mbéim bhuadhach ar tulaigh

Re hoscar an chaol-chuaille

Gur bhain céad uaill as an gcuradh.
Is fuafar fuilteach feargach

Bhí an laoch calma ina choinne

Gur bhuail Dónall a chreat faoi thalmhain

Gan faobhar arma ná loinne.
Is tuirseach i ndiaidh fheirge,

Lionn doirbhe agus dathrainn

Bhí an curadh meanmnach meadhrach

Tógadh ar theaghlach Uí Ghrabhthainn.
Coimrí Mhuire do chuirim fá rás an tsaoil

Fána bheith i gcumas gan tiubaiste, ach lán den tséan;

Dar ndóigh is ba urra le hiomad dá náisiún é,

Is gur comhlann curaidh gach buille dá láimh le feidhm.