Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

81. AODH MAC DÓNAILL











le hArt Mac Bionaid
Ba ionúin liomsa file faobhrach

Ar nós na ndraoithe bhí ann ó ghnás,

Is chan bocán bearach d’fhás na hoíche,

Breallán baoth ag gabháil ainm baird.
Samhail an phriompalláin éiríos suas

Amach as fual agus aoileach bó,

Gur bhuail an teileán é go crua

Is gur thit sé anuas ag dorsán cheoil.

Shaoil Phaeton gur mór an chéim dó

Eachraidh na gréine fháil fána stiúir:

Cha ghlacfadh comhairle ach chuaigh i dtréas

Gur thit sé sa tréanmhuir do leith a chúil.
Deir na húdair is glice scrúidíos gach ní go beacht,

An té a dhiúltaíos a mhúineadh a ligean thart;

Is treise an dúchas go dúbalta i mbrí is i neart

Ná an tiobraid dhúnta úd a dúirt tusa a riar mo thart.