Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

83. AODH Ó MAOLAGÁIN











le hArt Mac Bionaid
Is annamh ghaibhtear iasc ar fásach,

Is annamh fhásas cuileann ar linn,

Is annamh gheibhthear seanchas sáimh

Ag an té nach áil leis staidéar ann.
Tá tuigse is tallann riachtnach ag an údar

Sul dá rachaidh sé a scrúdú laoi nó próis,

Óir is deacair giorria a chur as a chlúid

Nár luigh ina lúbaí ariamh go fóill.
Nó go mbeirthear Sliabh gCuillinn ar báda

Thart síos go Trá Mhic Giollagáin

Ní bhfaic tusa an obair a bhí tú a rá

Scríofa ó lámha Aoidh Uí Mhaolagáin.
Absalom mac Dáibhí, gé gurbh álainn a ghné is a dhreach,

Agus Samson a sháraigh Síol Ádhaimh le brí is le neart

Is Cú Chulainn fán Táin rinne ármhach le béim is le beart,

Cha chasfadh siad a nádúr go bráth as a cúrsa ceart.