|
83. AODH Ó MAOLAGÁIN |
|
|
|
|
|
|
|
le hArt Mac Bionaid |
|
|
|
|
|
|
|
Is annamh ghaibhtear iasc ar fásach, |
|
|
|
Is annamh fhásas cuileann ar linn,
|
|
|
Is annamh gheibhthear seanchas sáimh
|
|
|
|
Ag an té nach áil leis staidéar ann. |
|
|
|
|
|
|
|
Tá tuigse is tallann riachtnach ag an údar |
|
|
|
Sul dá rachaidh sé a scrúdú laoi nó próis,
|
|
|
Óir is deacair giorria a chur as a chlúid
|
|
|
|
Nár luigh ina lúbaí ariamh go fóill. |
|
|
|
|
|
|
|
Nó go mbeirthear Sliabh gCuillinn ar báda |
|
|
|
Thart síos go Trá Mhic Giollagáin
|
|
|
Ní bhfaic tusa an obair a bhí tú a rá
|
|
|
|
Scríofa ó lámha Aoidh Uí Mhaolagáin. |
|
|
|
|
|
|
Absalom mac Dáibhí, gé gurbh álainn a ghné is a dhreach, |
|
Agus Samson a sháraigh Síol Ádhaimh le brí is le neart
|
|
Is Cú Chulainn fán Táin rinne ármhach le béim is le beart,
|
|
Cha chasfadh siad a nádúr go bráth as a cúrsa ceart. |