Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

2. DIA DO BHEATHA, A NAOIDHE, ANOCHT











Dia do bheatha, a naoidhe, anocht!
Do ghabh a dhiadhacht daonnacht
Dár saoradh, a chnú chroidhe,
A brú mhaothghlan mhaighdine.
Anocht dob íseal dár bhFlaith
I gcró chumhang an asail;
Mo chean le dtáinig dá thoil,
Dár fhágaibh Neamh im Nodlaig.
Gaol is grádh, trócaire is toil,
Le dtug Dia a Mhac dá mhalairt
Dom dhíon ar Chathair na gCiach —
Rígh is Athair is aoinDia.
Dia do bheatha idir asal is damh gan riar,
Is Dia do bheathasa id leanbh, id fhlaith gan chiach,
Is Dia do bheathasa ód Fhlaitheas go Teach na bPian,
Is Dia do bheathasa it Athair, id Mhac, id Dhia.