Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

73. ART MÓR MAC MHURCHAIDH











le Séamas Mac Giolla Choille
A Mhurchaidh mhóir nach fann brí

In ealaín eolaí na n-ard-ndraoi,

Ba chuí duit re fíre cheart

Bheith id ollamh ríora tré th’intleacht.
Is iomaí duan, dán is laoi

A theagmhaigh domh i mo shaol sa gcrí

Is leithéid do shaothairse gan ghó gan chlí

Níor frofa liom ó láimh aon tsaoi.
Is deimhin liom go ndearna tú scíth

Fá choimrí aobhdha na sua-mban sí

Is gur ibh tú uathu as cornaibh glé

Na tallanna d’fhaghair do chéadfaidhse.
Ná cluintear á rá go bráth é is ná cantaighear le haon

Go bhfuil na déithe atá i bParthas neamhchásúil ár dtimpeall i gcéin

Ó chuir siad an bard réamhráite chugainn atá dearscnaithe i gcéill

Is líonfas Críoch Fáil de ghnáth tré fheabhas a léinn.