|
45. A PHLANDA DE CHRÚ NA nGAEL FIAL |
|
|
|
|
|
|
|
|
A phlanda de chrú na nGael fial, |
|
|
|
Ná ligse do Thriath as do láimh;
|
|
|
Seachain ort péist na seacht gceann,
|
|
|
|
An Bhaibealóin mhillteach agus a hál. |
|
|
|
|
|
|
|
Mairtín, Seon is Béalsabúb, |
|
|
|
Triúr is lúbaí thoir nó thiar;
|
|
|
Crúcaí Lucifer na locht
|
|
|
|
Seachain ort, a chrú na gcliar. |
|
|
|
|
|
|
|
Seachain ort, a chrú na nGael |
|
|
|
Ó Theamhair na Rí is anall ón Spáinn:
|
|
|
Ná bí ag Charon sa bport
|
|
|
|
Ar eagla anocht go dtiocfadh an bás. |
|
|
|
|
|
|
A ógfhir shuairc dá dtug uaisle Gall is Gael |
|
Ansacht bhuan duit is bua le peann is le léann,
|
|
A bhrainse do ghluais anuas ón deargfhuil tréin,
|
|
Ná caill seo thuas le cluain, is ná feall ort féin. |