Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

45. A PHLANDA DE CHRÚ NA nGAEL FIAL











A phlanda de chrú na nGael fial,

Ná ligse do Thriath as do láimh;

Seachain ort péist na seacht gceann,

An Bhaibealóin mhillteach agus a hál.
Mairtín, Seon is Béalsabúb,

Triúr is lúbaí thoir nó thiar;

Crúcaí Lucifer na locht

Seachain ort, a chrú na gcliar.
Seachain ort, a chrú na nGael

Ó Theamhair na Rí is anall ón Spáinn:

Ná bí ag Charon sa bport

Ar eagla anocht go dtiocfadh an bás.
A ógfhir shuairc dá dtug uaisle Gall is Gael

Ansacht bhuan duit is bua le peann is le léann,

A bhrainse do ghluais anuas ón deargfhuil tréin,

Ná caill seo thuas le cluain, is ná feall ort féin.