|
38. MÁS TRÍ RAINN DO THEASTAIGH UAIBH |
|
|
|
|
|
|
|
|
Más trí rainn do theastaigh uaibh, |
|
|
|
A chuideachta is cruaidhe fá bhur ndigh,
|
|
|
Ag seo daoibhse fear a ráite
|
|
|
|
Agus amhrán leis féin ina rith. |
|
|
|
|
|
|
|
Mo thrí rainn is mo dhán díreach |
|
|
|
Agus m’amhrán díomhaoin deas
|
|
|
Ag sin daoibhse, a chlanna Míleadh,
|
|
|
|
Is mo mhallacht choíche leis. |
|
|
|
|
|
|
|
Is domhsa is cóir an cupán dí, |
|
|
|
A dhuine úd a bhfuil an fíon id ghlaic:
|
|
|
Anois ó nach maireann Ó Néill,
|
|
|
|
Coiscthear díom féin mo thart. |
|
|
|
|
|
|
An deoch seo do thuilleas de bhua mo rainn |
|
Is fir Chonnacht á sásamh féin uaim go teann;
|
|
Ní nárbh fhuras, do thugas an bua sin liom,
|
|
Is lán bhur gcupa go slugfainnse suas den leann. |