Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

38. MÁS TRÍ RAINN DO THEASTAIGH UAIBH











Más trí rainn do theastaigh uaibh,

A chuideachta is cruaidhe fá bhur ndigh,

Ag seo daoibhse fear a ráite

Agus amhrán leis féin ina rith.
Mo thrí rainn is mo dhán díreach

Agus m’amhrán díomhaoin deas

Ag sin daoibhse, a chlanna Míleadh,

Is mo mhallacht choíche leis.
Is domhsa is cóir an cupán dí,

A dhuine úd a bhfuil an fíon id ghlaic:

Anois ó nach maireann Ó Néill,

Coiscthear díom féin mo thart.
An deoch seo do thuilleas de bhua mo rainn

Is fir Chonnacht á sásamh féin uaim go teann;

Ní nárbh fhuras, do thugas an bua sin liom,

Is lán bhur gcupa go slugfainnse suas den leann.