|
88. LE LINN UAISLE CLAINNE TOICTHEACH |
|
|
|
|
|
|
|
|
Le linn uaisle clainne toictheach, |
|
|
|
An molt molfach is an reithe fionn:
|
|
|
An aitheachthuath seo ó chuaigh i dtreise
|
|
|
|
Suaill nach scoiltid creaga is crainn. |
|
|
|
|
|
|
|
In ionad suí na saoi bhfeasach, |
|
|
|
Clanna fleascach ag ceartú ceoil,
|
|
|
Dream nár chéim céacht is grafadh
|
|
|
|
Dleacht na bhfear sin bruithnín bó. |
|
|
|
|
|
|
|
Níor dhual dóibh ceol ná ceannach |
|
|
|
Crónán cailleach chleacht an dream;
|
|
|
Bró agus crannán ceird a máithreach
|
|
|
|
Scéal gan fhalach go teacht Gall. |
|
|
|
|
|
|
Is i Machaire Rátha atáid in úir faoi liag |
|
Foireann chnámh ina smál de chrú na Niall
|
|
A riaradh bard, dáimh, aos ciúil is cliar,
|
|
Is don tSagart Bhán ní náir gur chliúiteach iad. |