|
84. AN DOCTÚIR BUTLER |
|
|
|
|
|
|
|
le hArt Mac Bionaid |
|
|
|
|
|
|
|
Is tuirseach na scéala chluinim á lua, |
|
|
|
Go bhfuair mealltóir na slua le cogar claon
|
|
|
Ar Dhoctúir Butler an lámh in uachtar,
|
|
|
|
Thabhaigh scannal chrua do Ghaeil an tsaoil. |
|
|
|
|
|
|
|
Bhí Réalt na Maidne aige mar chéile |
|
|
|
Is faoi chúrsa na gréine cha raibh a samhail de mhnaoi,
|
|
|
Dídean na bPeacach, Banríon na Maighdean,
|
|
|
|
Máthair Mhic Dé agus Buime na Naomh. |
|
|
|
|
|
|
|
Is é anmhian na colla mhearaigh a chiall |
|
|
|
Agus an ógbhean rialta chuir sé ó chríoch;
|
|
|
Ghlac sé patrún le Luther ó chianaibh,
|
|
|
|
Óir fuair cathuithe an diabhail bua ar an dís. |
|
|
|
|
|
|
Níl fáth pléide air: bhí oidhreacht Fhlaithis aige ar fáil, |
|
Agus cóir, dá mhéad í, is go raibh an leigheas aige ar leabaidh a bháis
|
|
Agus an scáthán gléigheal úd a thréig sé, gheobhadh maithiúnas do chách,
|
|
Is go mb’fhearr an féirín leis ná an méad sin Miss Duff a bheith aige ar láimh. |