Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

82. PÁDRAIG Ó LUAIN













le hArt Mac Bionaid
A Phádraig chaoimh, a mhic Sheáin Rua

A d’imigh i ruaig i gcéin fá seach,

Is cosúil nár smaoinigh tú ar an uair

A marbhadh an t-uan ar Chabhán na gCreach.
Tá dligheadh an teampaill in aghaidh go crua

Cinniúin a luaidh nó ní den tsórt,

Gé gur dhúirt an fáidh go dtiocfadh an uair

A luífeadh an t-uan i measc na leon.
Nach saoiltear leat go mbuainfear umhlú

As an dream nár múineadh ariamh go fóill?

Ligeadh an tslat i bhfad gan lúbadh,

Gur thriomaigh an sú is go deachaigh sí i bpór.
Tá tusa faoi smál, a Phádraig, le corradh is bliain

Mar Mhaoise ar an fhásach ag sásamh pobail gan riail;

Tá an mhuintir a d’fhág tú lán de thuirse is de chian

Agus tusa i do sclábhaí ag gardáil fear mire gan díol.