|
80. SEÁN Ó DÁLAIGH |
|
|
|
|
|
|
|
le hArt Mac Bionaid |
|
|
|
|
|
|
|
Is ard an chéim a bheir Seán Ó Dálaigh |
|
|
|
Do ollaimh is do bhaird na tíre thuas;
|
|
|
Shéid sé galltrompa láidir
|
|
|
|
Le Mac Dónaill Clárach is Ó Súilleabháin Rua. |
|
|
|
|
|
|
|
Is caorthann gan mhilseacht fuaim a mbeoil, |
|
|
|
Is searbh gach ceol dar chum an dís:
|
|
|
Cnapach corrach gan sult gan treoir
|
|
|
|
Gan mheadhar gan bheodhas gan bhrí. |
|
|
|
|
|
|
|
Cá bhfuil an mhil a bhí ag tonnadh anuas |
|
|
|
Le Doirnín na gcuach is na siollaí mín,
|
|
|
Mac Uí Liondain a thógfadh gruaim
|
|
|
|
Nó Séamas Mhac Cuarta thug cliú gach tír?
|
|
|
|
|
|
|
Tá an luchóg go buan ag ruagadh an chait as gach aird, |
|
Tá an giorria ina ualach ar ghuaillibh na cona gach lá:
|
|
Tiocfaidh Teamhair anuas go bruach na Banna gan spás
|
|
Má bheir Dálaigh an bhua an uairse ó ollaimh Chríoch Fáil. |