|
8. PÁDRAIG Ó DORCHAÍ |
|
|
|
|
|
|
|
le Gearailt Ó Cuilleáin |
|
|
|
|
|
|
|
Rinnis agus ní dhearnais |
|
|
|
Maith, a Phádraig, dot shloinneadh:
|
|
|
Créad d'fhásfadh as fréimh dhorcha
|
|
|
|
Ach géag dhorrga gan oineach? |
|
|
|
|
|
|
|
Ar son an Fhéile a dhíbirt |
|
|
|
Tar éis a daoine do chailleadh,
|
|
|
Ar son a beith gan nóchar
|
|
|
|
Níorbh fhiú léi pósadh leatsa. |
|
|
|
|
|
|
|
Ós don Doicheall is dúcha |
|
|
|
Gan cleamhnas do dhiúltú ar bhodach,
|
|
|
Bíodh sé agat mar chéile
|
|
|
|
Is do loisc an Fhéile sop ort. |
|
|
|
|
|
|
Ó torchradh an t-oineach is gur imigh fuil ard Uí Ruairc |
|
Is tar gorm-mhuir uile gur cuireadh Síol nDálaigh uainn,
|
|
Is é stoirm an chiotha chuir sinne i do dháilse ar cuairt
|
|
Is ní dorcha do shloinneadh ná mar chuiris na Bráithre uait. |