|
79. IS IOMAÍ LÉAN A FUAIR INIS FÓDLA |
|
|
|
|
|
|
|
le hArt Mac Bionaid |
|
|
|
|
|
|
|
Is iomaí léan a fuair Inis Fódla |
|
|
|
Ar bheagán sócúil faoi Shiobail chlaoin:
|
|
|
Scriosadh a laochraidh bhí láidir cródha
|
|
|
|
Is tugadh a lóistín do Bhreatnaigh mhaol. |
|
|
|
|
|
|
|
Creachadh teampall is crochadh bráithrí, |
|
|
|
Scoireadh an cláirseoir is gach file caomh;
|
|
|
Leagadh a gcaisleán is loscadh a bhfáras
|
|
|
|
Is rinneadh fásach dá bhfearann saor. |
|
|
|
|
|
|
|
Strócadh an leanbh ó ghlúin a chairde |
|
|
|
Is faoi oideas Galltachta chuirfí an truaill,
|
|
|
Is dá labhradh aon fhocal i dteanga a mháthara
|
|
|
|
Chuirfí i mbranraí é nó in anbhroid chrua. |
|
|
|
|
|
|
Seo an ruagadh thug Eoghan Rua ar dtúis don Spáinn |
|
Is na sluaite dár n-uaisle go dlúth ina dháil,
|
|
D’fhág fuaim bhlasta ár dteanga snuashnasta i smúid faoi smál
|
|
Agus ceiliúr gruama gan suarcas dá mhúineadh do chách. |