|
77. PARA GASTA LIATH Ó CATHALÁIN |
|
|
|
|
|
|
|
le Seán Buí Ó Cathaláin |
|
|
|
|
|
|
|
Mairfidh do chliú go bráth, |
|
|
|
A mhic Airt nach fálta gníomh;
|
|
|
Ursa cogaidh ag coimhéad cháich,
|
|
|
|
Scot nár fhág faoi chlár ariamh gan díol. |
|
|
|
|
|
|
|
Samhail do chleasa ní bhfuil anois |
|
|
|
Ó d’imigh mac Sualtaimh na séad saor,
|
|
|
Cú ceannfheargach na gcleas
|
|
|
|
Nár lig a leas ariamh le haon. |
|
|
|
|
|
|
|
Is é mo chrá nach bhfuil tú óg, |
|
|
|
A churaidh na seod, a nia na creath’;
|
|
|
Do chlanna Gall ní thabharfadh cóir:
|
|
|
|
Aois fá dhó mo chrá nach leat. |
|
|
|
|
|
|
Guímse Rí Neimhe do rugadh sa mBeithil san oích’ |
|
Saol fada bheith ag an macsa is féile gníomh;
|
|
Cú gleacaí de threabhaibh na gcuachann caomh,
|
|
Dhéanadh sladairt ar Ghallaibh is cascairt gach uair sa mbruín. |