Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

76. DHÉANFAIDH MISE BÁDA BRONNMHAR













le hArt Mac Bionaid
Dhéanfaidh mise báda bronnmhar

Iomramhas go fonnmhar ar sáile,

Is cha ligim neach dá hionsaí

Mar cheannfort ach táilliúir;
Óir is furas a gcur in ordú

I mbéal bóchna insan oíche;

Chan iarrfadh siad mar lóchrann

Ach beo i mbarr píce.
Ba mhaith an t-ábhar gáire

Fán tráthsa na gruagaigh,

Cormac agus Pádraig

Is an fear báite ar a nguaillibh.
Chuartaigh siad gach coirnéal ó Chloch Mhór thoir na n-iarla

Go rannaibh na Bóinne ag teorainn na hIarmhí

Gan choinneal gan tóirse ag tóraíocht ar iascaibh

Is níor ghabh oiread is d’fhóirfeadh do dhreolán bliana.