Trì Rainn agus Amhran
Àir.
Meadrachd
Bàird
Ciad Sreathan
Ainmean
Làmh-sgrìobhainnean
Àir.
Leabhraichean is Uilt
Clàr-dùthcha

69. MARTHAIN UAIM GO MÚR GHEAL BHRIAIN













Marthain uaim go múr gheal Bhriain!

Is fairsing fial a dhún fán ól,

A ghasraí mar mhacnaidh rí Priaimh

Ag scabadh maoine is ag pronnadh óir.
Is tuirseach mise den taobh ó dheas

Is mo Bhrian na dtreas gan bhrón ó thuaidh,

Croí is úire ná an mhuir faoi iasc,

Nár scar riamh leis neach faoi ghruaim.
I dteach Uí Chiarabháin anocht

Is mór mo thocht i bhfad ó thír,

Inarbh ainm baiste leabhar Gaeilge,

Ag teacht á léigheamh, Seanbhod Buí.
Níl éifeacht staire dár breacadh ariamh ón Áirc

Le méir i gcartaibh ná in aicearra chiall na ndáimh

Chuir céin ar m’aigne – is níor dheacair liom riaradh dáin —

Ach go léigheamh Sheanbhoid bhreallaigh Uí Chiarabháin.