|
68. A AINNIR ÁLAINN AN CHRUTHA CHAOIMH
|
|
|
|
|
|
|
|
|
A ainnir álainn an chrutha chaoimh |
|
|
Chreachas áras na mbeach baoth,
|
|
|
|
Nach olc an chiall is gan tú ar buile
|
|
|
|
Bhriseas riail na reachtaire? |
|
|
|
|
|
|
|
Ní chaitheadh Eoin ach mír aon tráth |
|
|
Scríbhinn oirirc a sheanrá
|
|
|
|
De mhil is lochaille a bheatha
|
|
|
|
Amuigh i ndiamhraibh na hIudea. |
|
|
|
|
|
|
|
Creachadh ceall, beach is lacht |
|
|
Trí foghlaighibh aincheart;
|
|
|
|
An mhil ó Neamh, a ghéag na lúb,
|
|
|
|
Ba leor a hól is gan a séanadh. |
|
|
|
|
|
|
Cé go bhfuil scéimh id éadansa, gile agus rós, |
|
Is go mbréagnaíonn tú tréanfhir le binneas do bheoil,
|
|
A spéirbhean bhíos ag séanadh na meala is á hól,
|
|
Is Lá an tSléibhe beidh céad míle beach ar do thóin. |