Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

68. A AINNIR ÁLAINN AN CHRUTHA CHAOIMH











A ainnir álainn an chrutha chaoimh

Chreachas áras na mbeach baoth,

Nach olc an chiall is gan tú ar buile

Bhriseas riail na reachtaire?
Ní chaitheadh Eoin ach mír aon tráth —

Scríbhinn oirirc a sheanrá —

De mhil is lochaille a bheatha

Amuigh i ndiamhraibh na hIudea.
Creachadh ceall, beach is lacht

Trí foghlaighibh aincheart;

An mhil ó Neamh, a ghéag na lúb,

Ba leor a hól is gan a séanadh.
Cé go bhfuil scéimh id éadansa, gile agus rós,

Is go mbréagnaíonn tú tréanfhir le binneas do bheoil,

A spéirbhean bhíos ag séanadh na meala is á hól,

Is Lá an tSléibhe beidh céad míle beach ar do thóin.