|
67. LÁ DÁ RABHAMARNA I gCREIG |
|
|
|
|
|
|
|
|
Lá dá rabhamarna i gcreig,
|
|
|
|
Cé bhí againn ar clár ag ól?
|
|
|
Lena cheann, lena dhorn, lena mhuineál,
|
|
|
|
Le bonnaí a chos do bhí sé ag ól. |
|
|
|
|
|
|
|
Is dob fhuras dó bheith súgach ag ól |
|
|
|
Níor chosain sé pingin dó ar bheoir le bliain!
|
|
|
Is ní lúide bhí an donas i mbun a stóir
|
|
|
|
Ní raibh feoirling ina phóca riamh. |
|
|
|
|
|
|
|
Ba chomhionann ris oíche is lá, |
|
|
|
Ag sealg do ghnáth faoina bhia,
|
|
|
Ag tarraing fola is ag déanamh áir;
|
|
|
|
Iomdha bás do thug sé riamh. |
|
|
|
|
|
|
Bhí sé seal dá shaol go díomsach meargánta |
|
Agus seal eile go fíochmhar mar shealgaire;
|
|
I ndeireadh a shaoil cois grís agus farchruit air:
|
|
Siúd mar ghníodh Conchúr Ó Díomsaigh mairgne dó. |