|
47. AISTE AN BHOTHÁIN BHOICHT |
|
|
|
|
|
|
|
|
Don mbothán is deacair bóin |
|
|
|
Is mairg a théid dá dheoin ina pháirt;
|
|
|
Ceird is doilghe dar chum Dia
|
|
|
|
Má thairgir a riar é go bláith. |
|
|
|
|
|
|
|
Bean bheag bhorb mhí-tharbhach |
|
|
|
Is scaoth gharlach is doirbh mian,
|
|
|
Is mairg dar cuideachta an drong,
|
|
|
|
A n-éadach lom is iad gan bhiadh. |
|
|
|
|
|
|
|
Soiléir gach lá dá dtig |
|
|
|
É bheith ar easpa an bhig is an mhóir,
|
|
|
Súil le furtacht nach mbí i ndán:
|
|
|
|
Don mbothán trá is deacair bóin. |
|
|
|
|
|
|
Do rinne an bothán bochtán bocht buartha díom, |
|
Rinne lasrán fíor-ghreadáin luatha dem chroí;
|
|
Do scab sé mo scafántas suas is síos
|
|
Agus is é an donán gach fearán dá mbuaileann faoi. |