|
35. FÁILTE DON ÉAN |
|
|
|
|
|
|
|
le Séamas Dall Mac Cuarta |
|
|
|
|
|
|
|
Fáilte don éan is binne ar chraoibh, |
|
|
|
Labhraíos ar chaoin na dtor le gréin;
|
|
|
Domhsa is fada tuirse an tsaoil
|
|
|
|
Nach bhfaiceann í le tiacht an fhéir. |
|
|
|
|
|
|
|
Gach neach dá bhfaiceann cruth na n-éan, |
|
|
|
Amharc Éireann dheas is tuaidh,
|
|
|
Bláth na dtulach ar gach taoibh
|
|
|
|
Is dóibh is aoibhne bheith á luaidh. |
|
|
|
|
|
|
|
Cluinim, cé nach bhfaicim gné, |
|
|
|
Seinm an éin darbh ainm cuach;
|
|
|
Amharc uirthi i mbarra géag
|
|
|
|
Mo thuirse ghéar nach mise fuair. |
|
|
|
|
|
|
Mo thuirse nach bhfuaireas bua ar m’amharc a dh’fháil |
|
Go bhfaicinn ar uaigneas uaisle an duilliúir ag fás;
|
|
Cuid de mo bhua nach gluaisim ag cruinniú le cách
|
|
Le seinm na gcuach ar bhruach na gcoilleadh go sáimh. |