|
2434 NA FÉILTE MUIRE |
|
|
|
|
|
|
|
le Séamas Dall Mac Cuarta |
|
|
|
|
|
|
33. CUINIM AN LAE-SA THÁINIG ANUAS |
|
|
|
|
|
|
|
Cuinim an lae-sa tháinig anuas |
|
|
|
Mac na huaisle a cheannach cháich;
|
|
|
Ag Muire óigh do rinne cuairt
|
|
|
|
Níor scar sí uaidh go bhfaca an Pháis. |
|
|
|
|
|
|
|
Bean thug sábháil do gach slua, |
|
|
|
Rug buaidh ar Ifreann dhaor;
|
|
|
Bean thug fuascailt do gach fáidh,
|
|
|
|
Bean ler sásaíodh Neamh is an saol. |
|
|
|
|
|
|
|
Guighim thusa, a iníon óg, |
|
|
|
Ós díot do ghním dóigh, a shiúr,
|
|
|
Ná lig mé go hIfreann leo
|
|
|
|
Mar a mbíonn dóghadh, loscadh is tnúth. |
|
|
|
|
|
|
Le loscadh, le tnúth, gan súil re sochar go bráth |
|
Ach ag osna go dlúth faoi smúid is gan chabhair ón mbás,
|
|
Faoi chogadh na súistí is Lucifer á mbrostadh go hard:
|
|
A bhanríon na humhlachta, cumhdaigh m’anamsa ón ngáir. |