|
2434 NA FÉILTE MUIRE |
|
|
|
|
|
|
|
le Séamas Dall Mac Cuarta |
|
|
|
|
|
|
30. A MHAIGHDEAN DO FUAIR CRÉ |
|
|
|
|
|
|
|
A mhaighdean do fuair cré dár ngaol |
|
|
|
Leat go naofa ar Neamh na néal,
|
|
|
Is beannaithe thusa thar gach mnaoi
|
|
|
|
Is is beannaithe th’aonMhac ina chathraigh féin. |
|
|
|
|
|
|
|
Glóir don Athair is don Spiorad Naomh |
|
|
|
Is moladh araon leo gach uair;
|
|
|
Is beannaithe an mhaighdean do chuaigh ina ndáil
|
|
|
|
Is is doiligh do chách gan a leanúin suas. |
|
|
|
|
|
|
|
Leanfainn féin dá bhfaighinn a cead |
|
|
|
An ríon do ghní leas na naomh;
|
|
|
Is neamhnáir dúinne triall ina déidh,
|
|
|
|
Bean dá ngéilleann Neamh is an saol. |
|
|
|
|
|
|
Banríon ar éanlaithibh an aidhéir is ar Fhlaitheas na naomh, |
|
Banríon na gréine, réalta agus gealaí gach taobh;
|
|
Banríon na cléire, is léithe Dalta na n-aingeal,
|
|
Agus máthair Mhic Dhé nach bhféadann na Sasanaigh a cloí. |