Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

24–34 NA FÉILTE MUIRE











le Séamas Dall Mac Cuarta
30. A MHAIGHDEAN DO FUAIR CRÉ
A mhaighdean do fuair cré dár ngaol

Leat go naofa ar Neamh na néal,

Is beannaithe thusa thar gach mnaoi

Is is beannaithe th’aonMhac ina chathraigh féin.
Glóir don Athair is don Spiorad Naomh

Is moladh araon leo gach uair;

Is beannaithe an mhaighdean do chuaigh ina ndáil

Is is doiligh do chách gan a leanúin suas.
Leanfainn féin dá bhfaighinn a cead

An ríon do ghní leas na naomh;

Is neamhnáir dúinne triall ina déidh,

Bean dá ngéilleann Neamh is an saol.
Banríon ar éanlaithibh an aidhéir is ar Fhlaitheas na naomh,

Banríon na gréine, réalta agus gealaí gach taobh;

Banríon na cléire, is léithe Dalta na n-aingeal,

Agus máthair Mhic Dhé nach bhféadann na Sasanaigh a cloí.