Trí Rainn agus Amhrán
Uimh.
Meadaracht
Filí
Céadlínte
Ainmneacha
Lámhscríbhinní
Uimh.
Leabhair agus Ailt

97. DÁNA DOMH GAN BHEITH IM THOCHT











Dána domh gan bheith im thocht

Is nach dtuigim port go cóir;

M’intleacht ó tharla go mall,

Ní ghéabhaidh mé ach rann nó dhó.
Guth mo chinn ó tá go searbh,

Dearbh nár cuireadh é re téid;

Is guth m’uchta thíos ar meath,

Is dearbh nach insim díbh leath mo scéil.
Ní thuigim téada ná puirt,

Ní fhaighim mo ghuth go sámh;

Díobháil gutha is cúngrach cléibh,

Is tríd ná gabhaim féin dán.

Is tearc duine le dtuigthear ceart ionnas saoithe an eoil:

Cé mheasaid iomad gur gliogar gan críoch an ceol,

Is air do chuirfinnse tuilleadh is míle bó

Gur fear é sheinneas gan truisle gach ní go cóir.